+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.

Airteagal 3 Sainmhínithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” aon údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(2) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2)(i) den Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010;

(3) 

ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta” údarás arna ainmniú ag Ballstát rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;

(4) 

ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta ábhartha” údarás réitigh náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh ina mbunaítear eintiteas nó eintiteas grúpa;

(5) 

ciallaíonn “coinníollacha réitigh” na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

(6) 

ciallaíonn “plean réitigh” plean arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 9;

(7) 

ciallaíonn “plean réitigh grúpa” plean le haghaidh réitigh grúpa arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 9;

(8) 

ciallaíonn “cuspóirí réitigh” na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14;

(9) 

ciallaíonn “uirlis réitigh” uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2);

(10) 

ciallaíonn “gníomhaíocht réitigh” an cinneadh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 18, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó ceann amháin nó níos mó de na cumhachtaí a fheidhmiú;

(11) 

ciallaíonn “taiscí clúdaithe” taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;

(12) 

ciallaíonn “taiscí incháilithe” taiscí incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;

(13) 

ciallaíonn “institiúid” institiúid creidmheasa, nó gnólacht infheistíochta a chumhdaítear le maoirseacht chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 2(c);

(14) 

ciallaíonn “institiúid faoi réiteach” eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a ndéantar gníomhaíocht réitigh ina leith;

(15) 

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(16) 

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(17) 

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(18) 

ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais” máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(19) 

ciallaíonn “máthairinstitiúid de chuid an Aontais” máthairinstitiúid de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(20) 

ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼M1

(21) 

ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear í i bpointe (16) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo, agus chun críocha Airteagail 8, 10(10), 12 go 12k, 21 agus 53 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás grúpaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (24b) den mhír seo, ciallaíonn sé, i gcás inarb iomchuí agus de réir mar is iomchuí, institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, an comhlacht lárnach féin, agus a bhfochuideachtaí faoi seach, agus aird á tabhairt ar an mbealach ina gcomhlíonann grúpaí réitigh den sórt sin Airteagal 12f(3) den Rialachán seo;

(21a) 

ciallaíonn “fochuideachta ábhartha” fochuideachta ábhartha mar a shainmhínítear i bpointe (135) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

▼B

(22) 

ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(23) 

ciallaíonn “grúpa” máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, ar eintitis iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 2;

(24) 

ciallaíonn “grúpa trasteorann” grúpa ag a bhfuil eintitis amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó;

▼M6

(24a) 

ciallaíonn “eintiteas réitigh” duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach, a bhfuil sainaitheanta ag an mBord nó ag an údarás réitigh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, mar eintiteas ar ina leith a fhoráiltear do ghníomhaíocht réitigh sa phlean réitigh;

▼M4

(24aa) 

ciallaíonn “eintiteas leachtaithe” duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach dá bhforáiltear ina leith sa phlean réitigh grúpa nó, i gcás eintitis nach cuid de ghrúpa iad, sa phlean réitigh, go ndéanfar an t-eintiteas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó eintiteas, laistigh de ghrúpa réitigh nach eintiteas réitigh é, nach bhforáiltear ina leith sa phlean réitigh grúpa go ndéanfar cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú;

▼M1

(24b) 

ciallaíonn “grúpa réitigh”:

(a) 

eintiteas réitigh mar aon lena fhochuideachtaí ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

ní eintitis réitigh iad féin;

(ii) 

ní fochuideachtaí de chuid eintitis réitigh eile iad; nó

(iii) 

ní eintitis iad atá bunaithe i dtríú tír nach n-áirítear sa ghrúpa réitigh faoin bplean réitigh, agus a bhfochuideachtaí; nó

(b) 

institiúidí creidmheasa iad atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, agus an comhlacht lárnach féin i gcás inar eintiteas réitigh ceann amháin ar a laghad de na hinstitiúidí creidmheasa sin nó inar eintiteas réitigh an comhlacht lárnach, agus a bhfochuideachtaí faoi seach;

(24c) 

ciallaíonn “institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi” nó 'G-SII' G-SII mar a shainmhínítear í i bpointe (133) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼B

(25) 

ciallaíonn “bonn comhdhlúite” bonn an stádais chomhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(47) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(26) 

ciallaíonn “maoirseoir comhdhlúthaithe” maoirseoir comhdhlúthaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(41) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

(27) 

ciallaíonn “údarás réitigh ar ghrúpleibhéal” an t-údarás réitigh sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an institiúid nó an máthairghnóthas atá faoi réir maoirseachta comhdhlúthaithe ag an leibhéal comhdhlúthaithe is airde laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE suite;

(28) 

ciallaíonn “scéim chosanta institiúideach” nó “SCI” socrú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(29) 

ciallaíonn “tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách” Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí ar an leibhéal fornáisiúnta, ar Státchabhair a bheadh ann dá soláthrófaí é ar an leibhéal náisiúnta, a sholáthrófar chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, nó grúpa ar cuid de an t-eintiteas sin, a chaomhnú nó a athbhunú.

▼C1

(30) 

ciallaíonn “uirlis díolacháin ghnó” an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig ceannaitheoir nach droichead-institiúid é, i gcomhréir le hAirteagal 24;

(31) 

Ciallaíonn “uirlis droichead-institiúide” an sásra chun ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig droichead-institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 25;

(32) 

ciallaíonn “uirlis deighilte sócmhainní” an sásra chun aistriú a dhéanamh ar shócmhainní, ar chearta nó ar dhliteanais de chuid institiúide faoi réiteach chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 26;

(33) 

ciallaíonn “uirlis fortharrthála” an sásra chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27;

▼B

(34) 

ciallaíonn “acmhainní airgeadais atá ar fáil” an t-airgead tirim, na taiscí, na sócmhainní agus na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe atá ar fáil don Chiste chun na gcríoch atá liostaithe faoi Airteagal 76(1);

(35) 

ciallaíonn “spriocleibhéal” méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil a bheidh le baint amach faoi Airteagal 69(1).

(36) 

ciallaíonn “Comhaontú” an comhaontú maidir le haistriú agus le frithpháirtiú ranníocaíochtaí chuig an gCiste;

(37) 

ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a chinntear faoi Airteagal 99(2) agus (6) go dtí go sroichfidh an Ciste an spriocleibhéal nó an 1 Eanáir 2024, cibé acu is luaithe;

(38) 

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítearí i bpointe (50) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(39) 

ciallaíonn “ionstraimí fiachais” bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(40) 

ciallaíonn “cistí dílse” cistí dílse mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1)(118) de of Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(41) 

ciallaíonn “ceanglais i leith cistí dílse” na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 go hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(42) 

ciallaíonn “foirceannadh” réadú sócmhainní de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(43) 

ciallaíonn “díorthach” díorthach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(44) 

ciallaíonn “cumhachtaí díluachála agus comhshó” na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21;

(45) 

ciallaíonn “ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28(1) go (4), Airteagal 29(1) go (5) nó Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼M1

(45a) 

ciallaíonn “caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1” caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼B

(46) 

ciallaíonn “ionstraimí Breise Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(47) 

ciallaíonn “ionstraimí Leibhéal 2” ionstraimí caipitil nó fo-iasachtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(48) 

ciallaíonn “méid comhiomlán” an méid comhiomlán a bhfuil sé measta ag an údarás réitigh gur gá na ►M1  dliteanais incháilithe le haghaidh uirlis fortharrthála ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó, i gcomhréir le hAirteagal 27(13);

▼M1

(49) 

ciallaíonn “dliteanais atá in-fhortharrthála” na dliteanais agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise fortharrthála de bhun Airteagal 27(3);

▼M1

(49a) 

ciallaíonn “dliteanais incháilithe” dliteanais in-fhortharrthála, lena gcomhlíontar, de réir mar is infheidhme, coinníollacha Airteagal 12c nó phointe (a) d'Airteagal 12g(2) den Rialachán seo, agus ionstraimí Leibhéal 2 lena gcomhlíontar coinníollacha phointe (b) d'Airteagal 72a(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;

(49b) 

ciallaíonn “ionstraimí incháilithe fo-ordaithe” ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 seachas míreanna (3) go (5) d'Airteagal 72b den Rialachán sin;

▼C1

(50) 

ciallaíonn “scéim ráthaíochta taiscí” scéim ráthaíochta taiscí arna tabhairt isteach agus arna haithint go hoifigiúil ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/49/AE;

▼B

(51) 

ciallaíonn “ionstraimí caipitil ábhartha” ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2;

(52) 

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” ionstraim amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(53) 

ciallaíonn “taisceoir” taisceoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(5) de Threoir 2014/49/AE;

(54) 

ciallaíonn “infheisteoir” infheisteoir de réir bhrí Airteagal 1(4) de Threoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

▼M1

(55) 

ciallaíonn “ceanglas maoláin chomhcheangailte” ceanglas maoláin chomhcheangailte faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.

▼B

Airteagal 3 2.
In éagmais sainmhíniú iomchuí i mír 1 den Airteagal seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE. In éagmais sainmhíniú iomchuí i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.