+Airteagal 7 5.

Airteagal 7 5.

D’ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfaidh an Bord na cumhachtaí agus freagrachtaí ábhartha go léir a thugtar dó leis an Rialachán seo i ndáil le heintitis agus le grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a fheidhmiú. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 3 ná ag mír 4 den Airteagal seo, ag Airteagal 9, ag Airteagal 12(3), ná ag Airteagal 31(1). Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina leith sin. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tar éis éifeacht a bheith ag an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí maidir le heintitis agus grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a chur ar ais chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo a thuilleadh. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina leith sin. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra sin ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.