|
+Airteagal 8 6. |
Airteagal 8 6.
►M1
Déanfar foráil sa phlean réitigh do na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha maidir le réiteach. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 9 a nochtadh don eintiteas lena mbaineann. ◄ Nuair a bheidh an plean réitigh á tharraingt suas agus á nuashonrú, déanfaidh an Bord aon bhacainní ábhartha ar inréiteacht a shainaithint, agus i gcás inar gá agus inar comhréireach léargas a thabhairt ar conas a d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, i gcomhréir le hAirteagal 10. Tabharfar aird sa phlean réitigh ar chásanna ábhartha lena n-áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach. Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;
(b)
aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó
(c)
aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|