+Airteagal 8 Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag an mBord
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8 13.
|
Airteagal 8 Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag an mBord
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh an bord pleananna réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo comhlíonta.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh a tharraingt suas, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó le húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus le húdaráis réitigh náisiúnta, lena n-áirítear údarás réitigh grúpleibhéil, na mBallstát ina bhfuil na heintitis bunaithe agus le húdaráis réitigh de chuid Ballstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse shuntasach. Chuige sin, féadfaidh an Bord a cheangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird agus a cheangal ar an údarás réitigh grúpleibhéil dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird. Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, eiseoidh an Bord treoirlínte agus treoracha maidir le seoltaí chuig na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le hullmhú dréachtphleananna réitigh agus dréachtphleananna réitigh ghrúpa a bhaineann le heintitis shonracha nó le grúpaí sonracha.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis ar fad is gá chun na pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, mar a fuair siad an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE a chur faoi bhráid an Bhoird.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Leagfar amach sa phlean réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú dá dtagraítear sa Rialachán seo maidir leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 8 6.
|
►M1
Déanfar foráil sa phlean réitigh do na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha maidir le réiteach. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 9 a nochtadh don eintiteas lena mbaineann. ◄
Nuair a bheidh an plean réitigh á tharraingt suas agus á nuashonrú, déanfaidh an Bord aon bhacainní ábhartha ar inréiteacht a shainaithint, agus i gcás inar gá agus inar comhréireach léargas a thabhairt ar conas a d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, i gcomhréir le hAirteagal 10. Tabharfar aird sa phlean réitigh ar chásanna ábhartha lena n-áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach. Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;
(b)
aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó
(c)
aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Áireofar sa phlean réitigh conas agus cathain a fhéadfaidh institiúid iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugann an plean aghaidh orthu, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid agus déanfar na hacmhainní sin a mbeifí ag súil go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint ann.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Féadfaidh an Bord a cheangal ar institiúidí cúnamh a thabhairt dó sna pleananna a tharraingt suas agus a nuashonrú.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Beidh sa phlean réitigh do gach eintiteas na nithe seo a leanas, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:
(a)
achoimre ar phríomheilimintí an phlean;
(b)
achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an institiúid a tharla tar éis an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach a bheith comhdaithe;
(c)
léiriú ar conas a d'fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh na hinstitiúide;
(d)
meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú;
(e)
tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;
(f)
tuairisc ar aon bhearta is gá de bhun Airteagal 10(7) chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 nó chun iad a bhaint;
(g)
tuairisc ar na próisis chun an luach agus an indíoltacht a chinneadh i ndáil le feidhmeanna criticiúla, croílínte gnó agus sócmhainní na hinstitiúide;
(h)
tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a éilítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2014/59/AE cothrom le dáta agus ar fáil do na húdaráis réitigh an t-am ar fad;
(i)
míniú maidir le conas a d'fhéadfaí na roghanna réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;
(ii)
aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó
(iii)
aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis;
(j)
tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann agus na dtréimhsí ama is infheidhme;
(k)
tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;
(l)
tuairisc ar roghanna chun rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile a chaomhnú agus measúnú ar iniomparthacht seasamh cliant;
(m)
anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe na hinstitiúide, lena n-áirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur i gcuntas, i gcás inarb infheidhme;
(n)
plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;
▼M1
(o)
na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f agus 12g agus spriocdháta chun an leibhéal sin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 12k;
(p)
i gcás ina bhfeidhmíonn an Bord Airteagail 12c(4), (5), nó (7), amlíne do chomhlíonadh an eintitis réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12k;
▼B
(q)
tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta na hinstitiúide a chothabháil;
(r)
i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an institiúid i ndáil leis an bplean réitigh.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Áireofar i bpleananna réitigh grúpa plean maidir le réiteach an ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, a mbeidh máthairghnóthas an Aontais atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach i gceannas air, agus sainaithneofar ann bearta a bheidh le déanamh i leith an mhéid seo a leanas:
(a)
máthairghnóthas an Aontais;
(b)
na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe san Aontas;
(c)
na heintitis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2; agus
(d)
faoi réir Airteagal 33, na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe lasmuigh den Aontas.
I gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sainaithneofar sa phlean réitigh, na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh do gach grúpa.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Déanfaidh an plean réitigh grúpa:
▼M1
(a)
na gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh sna cásanna dá bhforáiltear i mír 6 agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí réitigh i dtaca le grúpeintitis eile, an máthairghnóthas agus na fo-institiúidí dá dtagraítear i mír 1;
(aa)
i gcás ina bhfuil níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa dá dtagraítear i mír 1, gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh gach grúpa réitigh agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí sin i gcás an dá phointe seo a leanas:
(i)
grúpeintitis eile a bhaineann leis an ngrúpa réitigh chéanna;
(b)
scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a bhféadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le heintitis réitigh atá bunaithe san Aontas ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear bearta ionas gur féidir le tríú páirtí an grúpa ina iomláine a cheannach, nó línte nó gníomhaíochtaí gnó ar leith a sheachadann roinnt grúpeintiteas, nó grúpeintitis nó grúpaí réitigh ar leith, agus aon bhacainní ionchasacha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;
▼B
(c)
tuairisc mhionsonraithe a bheith san áireamh ar an measúnú ar inréiteacht arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;
(d)
i gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis arna n-ionchorprú i dtríú tíortha, socruithe iomchuí le haghaidh comhair agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin agus na himpleachtaí chun réiteach laistigh den Aontas a shainaithint;
(e)
na bearta, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith is gá chun réiteach grúpa a éascú nuair i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shainaithint;
(f)
sainaithint conas a d'fheadfaí na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina n-éileofaí na socruithe Ciste agus maoiniúcháin ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE, na prionsabail chun roinnt a dhéanamh ar an bhfreagracht don mhaoiniú sin idir na foinsí cistiúcháin sna Ballstáit rannpháirteacha agus neamh-rannpháirteacha éagsúla a leagan amach. Ní thoimhdeofar sa phlean aon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
aon tacaíocht airgeadais urghnách poiblí seachas úsáid an Chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67 den Rialachán seo agus na socruithe maoinithe ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE;
(ii)
aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó
(iii)
aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.
Déanfar na prionsabail sin a leagan amach ar bhonn critéar atá cothrom agus cothromúil agus cuirfear i gcuntas leo, go háirithe Airteagal 107(5) de Threoir 2014/59/AE agus an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit uile lena mbaineann. Ní bheidh tionchar díréireach ag an bplean réitigh grúpa ar aon Bhallstát.
|
|
Airteagal 8 12.
|
Déanfaidh an Bord an dáta a chinneadh faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh. Déanfar athbhreithniú ar phleananna réitigh agus ar phleananna réitigh grúpa agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrófar iad go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ábhartha ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar an ngnó nó staid airgeadais an eintitis nó, i gcás pleananna réitigh grúpa, an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu ar éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d'éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh. Chun na pleananna réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú nó a nuashonrú, déanfaidh na hinstitiúidí, BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon athruithe lena n-éileofar an t-athbhreithniú nó an nuashonrú sin a chur in iúl don Bhord. Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo tar éis na gníomhaíochtaí réitigh a chur chun feidhme nó tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21. Agus na spriocdhátaí dá dtagraítear i bpointí (o) agus (p) de mhír 9 den Airteagal seo á socrú, sna cúinsí dá dtagraítear sa tríú fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord an spriocdháta chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104b de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 8 13.
|
Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu sin a tharchur chuig BCE nó chuig na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|