|
+Airteagal 10 9. |
Airteagal 10 9.Laistigh de cheithre mhí tar éis an tuarascáil a fháil, molfaidh an t-eintiteas nó an máthairghnóthas bearta féideartha don Bhord chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó iad a bhaint. Cuirfidh an Bord aon bheart a mholann an t-eintiteas nó máthairghnóthas in iúl do na húdaráis inniúla do ÚBE agus, i gcás inar lonnaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha atá brainsí suntasacha de chuid institiúidí nach cuid de ghrúpa iad, d'údaráis na mBallstát sin. Faoi cheann dhá sheachtain ón dáta a bhfaighfear fógra arna thabhairt i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, molfaidh an t-eintiteas bearta féideartha agus amlíne maidir lena gcur chun feidhme don Bhord, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas nó an máthairghnóthas Airteagal 12f nó 12g, agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte, i gcás ina n-eascraíonn bac substainteach ar inréititheacht mar thoradh ar cheachtar de na cásanna seo a leanas:
(i)
comhlíonann an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) de Threoir 2013/36/AE, ach ní chomhlíonann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12d agus 12e den Rialachán seo, arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2) den Rialachán seo; nó
(ii)
ní chomhlíonann an t-eintiteas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12d agus 12e den Rialachán seo. Agus an amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír á moladh aici cuirfidh an t-eintiteasi na cúiseanna atá leis an mbacainn shubstainteach san áireamh. Measfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, an dtabharfar aghaidh, leis na bearta sin, ar an mbacainn shubstainteach lena mbaineann ar bhealach éifeachtach nó an gcuirfear deireadh leis an mbacainn sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|