|
+Airteagal 10a 2. |
Airteagal 10a 2.Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE i gcás inarb infheidhme, gan mhoill neamhriachtanach, cibé acu a dhéanfaidh sé nó nach ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas uile á gcur san áireamh:
(a)
cúis, fad agus méid na mainneachtana agus an tionchar atá aici ar inréititheacht;
(b)
an fhorbairt ar staid airgeadais an eintitis agus an chosúlacht go ndéanfaidh sé, sa todhchaí intuartha, an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;
(c)
an t-ionchas go mbeidh an t-eintiteas in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse ama réasúnta;
(d)
i gcás nach mbeidh an t-eintiteas ábalta dliteanais a chur in ionad dliteanais nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagail 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 12c nó Airteagal 12g(2) den Rialachán seo a thuilleadh, más rud é go bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó gur tharla sé mar thoradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh;
(e)
arb é feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 an modh is leordhóthanaí agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar chás an eintitis, ag cur san áireamh, go háirithe, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar choinníollacha maoinithe agus ar inréititheacht an eintitis lena mbaineann. Déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú gach mí ar a laghad le linn na mainneachtana a fhad is a leanfaidh an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|