|
+Airteagal 11 3. |
Airteagal 11 3.Tar éis dó togra a fháil chun oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú ar na hinstitiúidí nó ar an ngrúpa lena mbaineann, agus cuirfidh sé oibleagáidí simplithe i bhfeidhm, mura dócha go mbeidh iarmhairtí díobhálacha suntasacha ag cliseadh na hinstitiúide nó an ghrúpa don chóras airgeadais nó bagairt don chobhsaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 10(5). Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Bord na nithe seo a leanas i gcuntas:
(a)
nádúr ghnó na hinstitiúide nó an ghrúpa, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dlí, a phróifíl riosca, a mhéid agus a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a gníomhaíochtaí;
(b)
a chomhaltas den IPS nó de chórais eile dlúthpháirtíochta frithpháirtí comharchumainn amhail dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
aon fheidhmiú de na seirbhísí nó de na gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ); agus
(d)
cibé an dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ar na margaí airgeadais, ar institiúidí eile, ar choinníollacha cistiúcháin, nó ar an ngeilleagar i gcoitinne ag a chliseadh agus a fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta. Déanfaidh an Bord an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis dó dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás náisiúnta macrastuamachta agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|