+Airteagal 11 Oibleagáidí simplithe d'institiúidí áirithe
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.

Airteagal 11 Oibleagáidí simplithe d'institiúidí áirithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Féadfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás réitigh náisiúnta, nó ar thogra ó údarás réitigh náisiúnta, oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dréachtú na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 8, nó an oibleagáid maidir le dréachtú na bpleananna sin a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 go mír 9 den Airteagal seo.
Airteagal 11 2.
Féadfaidh údaráis réitigh náisiúnta a mholadh don Bhord oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí nó grúpaí de bhun mhír 3 agus mhír 4 nó an oibleagáid pleananna réitigh a dhréachtú de bhun mhír 7 a tharscaoileadh. Tabharfar cúiseanna réasúnaithe leis an togra sin agus beidh an doiciméadacht ábhartha ar fad ag gabháil leis.
Airteagal 11 3.
Tar éis dó togra a fháil chun oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú ar na hinstitiúidí nó ar an ngrúpa lena mbaineann, agus cuirfidh sé oibleagáidí simplithe i bhfeidhm, mura dócha go mbeidh iarmhairtí díobhálacha suntasacha ag cliseadh na hinstitiúide nó an ghrúpa don chóras airgeadais nó bagairt don chobhsaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 10(5).

Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Bord na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a) 

nádúr ghnó na hinstitiúide nó an ghrúpa, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dlí, a phróifíl riosca, a mhéid agus a stádas dlíthiúil, a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, raon feidhme agus castacht a gníomhaíochtaí;

(b) 

a chomhaltas den IPS nó de chórais eile dlúthpháirtíochta frithpháirtí comharchumainn amhail dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c) 

aon fheidhmiú de na seirbhísí nó de na gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ); agus

(d) 

cibé an dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ar na margaí airgeadais, ar institiúidí eile, ar choinníollacha cistiúcháin, nó ar an ngeilleagar i gcoitinne ag a chliseadh agus a fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.

Déanfaidh an Bord an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis dó dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás náisiúnta macrastuamachta agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS.

Airteagal 11 4.

Nuair a bheidh na hoibleagáidí simplithe á gcur i bhfeidhm, cinnfidh an Bord na nithe seo a leanas:

(a) 

inneachar agus sonraí na bpleananna réitigh dá bhforáiltear in Airteagal 8;

(b) 

an dáta faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh agus an mhinicíocht chun pleananna réitigh a nuashonrú, ar minicíocht í a d'fhéadfadh a bheith níos ísle ná an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 8(12);

(c) 

inneachar agus mionsonraí na faisnéise a éilítear ó institiúidí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(9) den Rialachán seo agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE;

(d) 

leibhéal an mhionsonraithe maidir leis an measúnú ar inréiteacht dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Rialachán seo, agus i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE.

Airteagal 11 5.
Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí simplithe ann féin difear do chumhachtaí an Bhoird aon ghníomhaíocht réitigh a ghlacadh.
Airteagal 11 6.
I gcás ina gcuirfear oibleagáidí simplithe i bhfeidhm, déanfaidh an Bord oibleagáidí iomlána, neamhshimplithe a fhorchur tráth ar bith murarb ann a thuilleadh do na himthosca a rinne iad a dhlisteanú.
Airteagal 11 7.
Gan dochar d'Airteagal 9 agus d'Airteagal 31, tar éis dó an togra chun go dtarscaoilfí an oibleagáid na pleananna réitigh a dhréachtú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó le linn dó gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tarscaoileadh a thabhairt do chur i bhfeidhm na hoibleagáide pleananna réitigh a dhréachtú maidir le hinstitiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach agus atá díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais stuamachta sa dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

I gcás ina ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an bplean réitigh ar bhonn comhdhlúite maidir leis an gcomhlacht lárnach agus leis na hinstitiúidí atá cleamhnaithe leis de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013. Chun na críche sin, áireofar in aon tagairt sa Chaibidil seo do ghrúpa, comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí atá cleamhnaithe leis de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a bhfochuideachtaí, agus áireofar an comhlacht lárnach in aon tagairt do mháthairghnóthais nó d'institiúidí atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 11 8.
Maidir le hinstitiúidí atá faoi réir maoirseachta dhírí ag BCE de bhun Airteagal 6 (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó arb é atá iontu sciar suntasach i gcóras airgeadais Ballstáit rannpháirtigh, beidh siad faoi réir pleananna réitigh aonair.

Chun críocha na míre seo, measfar gur sciar suntasach de chóras airgeadais an Bhallstáit rannpháirtigh a bheidh in oibríochtaí institiúide i gcás inar fíor an méid a leanas:

(a) 

gur mó ná EUR 30 000 000 000 méid iomlán na sócmhainní; nó

(b) 

gur mó ná 20 % cóimheas a shócmhainní iomlána ná OTI an Bhallstáit bunaíochta, mura rud é go mbeidh luach iomlán a shócmhainní faoi bhun EUR 5 000 000 000 .

Airteagal 11 9.
I gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta, a bheidh tar éis a mholadh go gcuirfear an oibleagáidí simplithe i bhfeidhm nó go dtabharfar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 2, nach mór go dtarraingeofar siar an cinneadh chun oibleagáid shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a thabhairt, cuirfidh sé togra faoi bhráid an Bhoird chuige sin. Sa chás sin, déanfaidh an Bord cinneadh maidir leis an tarraingt siar atá beartaithe agus cuirfidh sé i gcuntas go hiomlán an bonn cirt leis an tarraingt siar a thug an t-údarás réitigh náisiúnta, i bhfianaise na bhfachtóirí nó na gcúinsí dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 7 agus i mír 8.
Airteagal 11 10.
Cuirfidh an Bord ÚBE ar an eolas faoi mar atá an mhír seo curtha i bhfeidhm aige.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.