+Airteagal 12a An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 12a 1.
---+Airteagal 12a 2.
---+Airteagal 12a 3.

Airteagal 12a An t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12a 1.
Áiritheoidh an Bord agus údaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus Airteagal 12(3), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 12b go 12i.
Airteagal 12a 2.

Ríomhfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 12d(3), (4) nó (6), de réir mar is infheidhme, mar an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe agus sloinnfear é sin mar chéatadáin den dá rud a leanas:

(a) 

méid iomlán neamhchosaint ar riosca an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(b) 

tomhas iomlán neamhchosaint an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429 agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 12a 3.

I gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse ar bhonn aonair de chuid gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar a leanas:

(a) 

le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglas cóimheasa caipitil iomláine sa Rialachán seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(b) 

le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Rialachán seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, arna iolrú faoi 12,5.

I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.