|
+Airteagal 12c 4. |
Airteagal 12c 4.Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 12d(4) nó pointe (a) d'Airteagal 12e(1), áiritheoidh an Bord, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f, cuid atá comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-airítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfaidh údaráis réitigh ar GSIInna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh ach is airde ná an méid is toradh do chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) × 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, de chuid eintitis réitigh a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin agus le hionstraimí, nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás, agus teorann chionroinnt an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b(3) den Rialachán sin á hurramú, inar fíor an méid a leanas: X1 = 3,5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
X2 = suim 18 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus méid an cheanglais maoláin chomhcheangailte.
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4), i gcás inar ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh do chur i bhfeidhm na fomhíre roimhe seo, teorannóidh an Bord, le haghaidh eintitis réitigh, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f a chomhlíonfar trí chistí dílse, trí ionstraimí fo-ordaithe incháilithe, nó trí dhliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, chuig méid atá comhionann le 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca, agus déanfaidh an Bord an teorannú sin má mheasann sé gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
ní mheastar go bhfuil an rogha ann an t-eintiteas réitigh sin a réiteach sa phlean réitigh trí rochtain a thabhairt ar an gCiste, agus
(b)
i gcás nach mbeidh feidhm ag pointe (a), ligtear don eintiteas réitigh, de bhíthin an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f, an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 27(7) a chomhlíonadh. Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord an riosca maidir le tionchar díréireach ar mhúnla gnó an eintitis réitigh lena mbaineann a chur san áireamh. Níl feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|