+Airteagal 12c 5.

Airteagal 12c 5.

I gcás eintitis réitigh nach GSIInna ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12d(4) nó (5) den Rialachán seo iad, féadfaidh an Bord a chinneadh, ar a thionscnamh féin i ndiaidh dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta nó ar mholadh ó údarás réitigh náisiúnta, go gcomhlíonfaidh siad cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f den Rialachán seo suas le cibé acu is airde, 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis nó na foirmle dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear cistí dílse, le cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an rangú tosaíochta céanna ag dliteanais neamh-fho-ordaithe san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus atá ag dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5);

(b) 

tá riosca ann, mar gheall ar chur i bhfeidhm pleanáilte cumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis na dliteanais neamh-fho-ordaithe nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5), go dtabhóidh creidiúnaithe, ag a bhfuil éilimh a thiocfaidh as na dliteanais sin, caillteanais níos mó ná mar a thabhódh siad dá ndéanfaí foirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(c) 

níl méid na gcistí dílse agus na ndliteanas fo-ordaithe eile os cionn an méid is gá chun a áirithiú nach dtabhóidh creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) caillteanais os cionn leibhéal na gcaillteanas a thabhóidís, ar shlí eile, dá ndéanfaí an t-eintiteas réitigh a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

I gcás ina gcinnfidh an Bord gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a eisiatar nó a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 27(5), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.