+Airteagal 13 Idirghabháil luath
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.

Airteagal 13 Idirghabháil luath

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Cuirfidh BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta an Bord ar an eolas faoi aon bheart a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar ghrúpa a dhéanamh nó a dhéanann siad féin de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, go hAirteagal 27(1), nó Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE, nó go hAirteagal 104 de Threoir 2013/36/AE.

Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.

Airteagal 13 2.
Ón dáta tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, agus gan dochar do chumhachtaí BCE agus na n-údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais, féadfaidh an Bord a ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán, i gcomhar leis an mBord, ar choinníollacha na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, agus ar chomhlíonadh aon bhirt luath-idirghabhála a raibh ceangal orthu a dhéanamh.

Soláthróidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord leis an bhfaisnéis is gá chun an plean réitigh a nuashonrú agus a ullmhú do réiteach féideartha na hinstitiúide agus chun sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (15).

Airteagal 13 3.
Beidh sé de chumhacht ag an mBord a cheangal ar an institiúid, nó ar an máthairghnóthas, dul i dteagmháil leis na ceannaitheoirí ionchasacha chun réiteach na hinstitiúide a ullmhú, faoi réir na gcritéar a shonraítear in Airteagal 39(2) de Threoir 2014/59/AE agus na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo.

Beidh sé de chumhacht ag an mBord freisin a cheangal ar an údarás réitigh náisiúnta ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don institiúid nó don ghrúpa lena mbaineann.

Cuirfidh an Bord BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha ar an eolas maidir le haon ghníomh a ghlacann sé de bhun na míre seo.

Airteagal 13 4.
Má bheartaíonn BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon bheart breise faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, faoi Airteagal 27(1), Airteagal 28 nó Airteagal 29 de Threoir 2014/59/AE nó faoi Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE a fhorchur ar institiúid nó ar ghrúpa sula mbeidh an chéad bheart a mbeidh fógra tugtha don Bhord ina leith comhlíonta go hiomlán ag an eintiteas nó ag an ngrúpa, cuirfidh siad an Bord ar an eolas, sula bhforchuirfidh siad aon bheart breise den sórt sin ar an institiúid nó ar an ngrúpa lena mbaineann.
Airteagal 13 5.
Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta, an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta a áirithiú go mbeidh an beart breise dá dtagraítear i mír 4 agus aon ghníomhaíocht ón mBord a bhfuil d'aidhm leis réiteach a ullmhú faoi mhír 2 comhsheasmhach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.