+Airteagal 20 5.

Airteagal 20 5.

Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil:

(a) 

go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó na ►M1  n-ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ comhlíonta;

(b) 

má bhíonn na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;

▼M1

(c) 

nuair a chuirfear i bhfeidhm an chumhacht ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21(7), go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le hionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe;

(d) 

nuair a chuirtear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid dhíluacháil nó chomhshó na ndliteanas in-fhortharrthála a chur in iúl;

▼B

(e) 

nuair a chuirfear an uirlis droichead-institiúide nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus don chinneadh faoi luach aon chomaoine atá le híoc leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;

(f) 

nuair a chuirfear an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm, go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, faoi na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus go mbeadh sí mar fhaisnéis do thuiscint an Bhoird ar céard is téarmaí tráchtála ann chun críocha Airteagal 24(2)(b);

(g) 

i ngach cás, a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 an tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó an tráth a fheidhmeofar an chumhacht chun ►M1  ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.