+Airteagal 20 Luacháil chun críoch réitigh
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
---+Airteagal 20 9.
---+Airteagal 20 10.
---+Airteagal 20 11.
---+Airteagal 20 12.
---+Airteagal 20 13.
---+Airteagal 20 14.
---+Airteagal 20 15.
---+Airteagal 20 16.
---+Airteagal 20 17.
---+Airteagal 20 18.
|
Airteagal 20 Luacháil chun críoch réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Sula ndéanfaidh an Bord cinneadh faoi ghníomhaíocht réitigh nó faoi fheidhmiú na cumhachta chun
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó, áiritheoidh sé go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Bord agus an t-údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann, luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Faoi réir mhír 15, más rud é go gcomhlíonfar na ceanglais ar fad a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4 go mír 9, measfar an luacháil a bheith cinntitheach.
|
|
Airteagal 20 3.
|
I gcás nach féidir luacháil neamhspleách a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Bord luacháil shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Is é an cuspóir a bheidh leis an luacháil measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach in Airteagal 16 agus in Airteagal 18 á gcomhlíonadh aige.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil:
(a)
go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó na
►M1
n-ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ comhlíonta;
(b)
má bhíonn na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;
▼M1
(c)
nuair a chuirfear i bhfeidhm an chumhacht ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21(7), go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le hionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe;
(d)
nuair a chuirtear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi mhéid dhíluacháil nó chomhshó na ndliteanas in-fhortharrthála a chur in iúl;
▼B
(e)
nuair a chuirfear an uirlis droichead-institiúide nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm, go mbeidh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus don chinneadh faoi luach aon chomaoine atá le híoc leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;
(f)
nuair a chuirfear an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm, go mbeadh sí mar fhaisnéis don chinneadh faoi na sócmhainní, faoi na cearta, na dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta atá le haistriú agus go mbeadh sí mar fhaisnéis do thuiscint an Bhoird ar céard is téarmaí tráchtála ann chun críocha Airteagal 24(2)(b);
(g)
i ngach cás, a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 an tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó an tráth a fheidhmeofar an chumhacht chun
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, beidh an luacháil, i gcás inarb infheidhme, bunaithe ar thoimhdí stuama, lena n-áirítear i ndáil le rátaí mainneachtana agus déine na gcaillteanas. Ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, nó aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús ar tacaíocht nó cúnamh iad a sholáthraítear d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ón tráth a ndéanfar beart réitigh nó ón tráth a bhfeidhmeofar an chumhacht chun
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó. Thairis sin, más rud é go gcuirfear aon uirlis réitigh i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa luacháil:
(a)
go bhféadfaidh an Bord aon speansais réasúnacha a thabhaítear go cuí ón institiúid faoi réiteach a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 22(6);
(b)
go bhféadfaidh an Ciste ús nó táillí a ghearradh i leith aon iasachtaí nó ráthaíochtaí a sholáthraítear don institiúid faoi réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 76.
|
|
Airteagal 20 7.
|
Déanfar an luacháil a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis seo a leanas mar atá i leabhair chuntasaíochta agus i dtaifid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2:
(a)
clár comhardaithe cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;
(b)
anailís agus meastachán ar luach cuntasaíochta na sócmhainní;
(c)
liosta de na dliteanais laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá gan íoc atá i leabhair agus i dtaifid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, le léiriú ar na creidiúintí faoi seach agus tosaíocht na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 17.
|
|
Airteagal 20 8.
|
I gcás inarb iomchuí, chun a bheith mar fhaisnéis do na cinntí dá dtagraítear i mír 5(e) agus (f) den Airteagal seo, féadfar an fhaisnéis i mír 7(b) den Airteagal seo a chomhlánú le hanailís agus meastachán ar an luach atá ar shócmhainní agus ar dhliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar bhonn margadhluacha.
|
|
Airteagal 20 9.
|
Tabharfar le fios sa luacháil foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus meastachán ar an gcóir a chuirfí ar gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, dá ndéanfaí eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ní dhéanfaidh an meastachán sin difear do chur i bhfeidhm na rialach “creidiúnaí ar bith níos measa as” dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(g).
|
|
Airteagal 20 10.
|
Más rud é, de dheasca práinne in imthosca an cháis, nach féidir na ceanglais a leagtar síos i mír 7 agus i mír 9 a chomhlíonadh, nó go mbeidh feidhm ag mír 3, is luacháil shealadach a dhéanfar. Comhlíonfaidh an luacháil shealadach na ceanglais a leagtar síos i mír 4 agus, a mhéid is indéanta go réasúnach sna himthosca, na ceanglais a leagtar síos i mír 1, i mír 7 agus i mír 9. Áireofar sa luacháil shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír maolán i leith caillteanas breise, mar aon le bonn cirt iomchuí.
|
|
Airteagal 20 11.
|
Measfar gur luacháil shealadach aon luacháil nach gcomhlíonfaidh na ceanglais ar fad a leagtar síos i mír 1 agus i mír 4 go mír 9 go dtí go mbeidh luacháil a chomhlíonfaidh go hiomlán na ceanglais ar fad a leagtar síos sna míreanna sin curtha i gcrích ag duine neamhspleách amhail dá dtagraítear i mír 1. Déanfar an luacháil chinntitheach ex post sin a luaithe is indéanta. Féadfar í a dhéanamh ar leithligh ón luacháil dá dtagraítear í mír 16, mír 17 agus mír 18, nó féadfar í a dhéanamh ag an am céanna leis an luacháil sin agus féadfaidh an duine neamhspleách céanna an dá luacháil a dhéanamh, ach beidh sí éagsúil ón luacháil eile. Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil chinntitheach ex-post:
(a)
a áirithiú go mbeidh aon chaillteanais ar shócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 aitheanta go hiomlán i leabhair chuntasaíochta an eintitis sin;
(b)
a bheith mar fhaisnéis do chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 12 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 20 12.
|
I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ex-post ar ghlanluach sócmhainní eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an údarás réitigh náisiúnta:
(a)
a chumhacht a fheidhmiú chun an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe nó úinéirí na n-ionstraimí caipitil ábhartha atá díluacháilte faoin uirlis fortharrthála a mhéadú
(b)
teagasc a thabhairt do dhroichead-institiúid nó do mheán bainistíochta sócmhainní íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, leis na cearta nó leis na dliteanais a dhéanamh le hinstitiuid atá faoi réiteach, nó de réir mar a bheidh, i ndáil leis na hionstraimí úinéireachta, an íocaíocht a dhéanamh le húinéirí na n-ionstraimí sin.
|
|
Airteagal 20 13.
|
D'ainneoin mhír 1, maidir le luacháil shealadach arna seoladh i gcomhréir le mír 10 agus le mír 11, beidh sí ina bunús bailí don Bhord chun cinneadh ar bhearta réitigh, lena n-áirítear a theagasc d'údaráis réitigh náisiúnta stiúir a ghlacadh ar institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi nó ar chumhacht díluachála nó comhshó na
►M1
n-ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 20 14.
|
Déanfaidh an Bord socruithe a bhunú agus a chothabháil chun a áirithiú go mbeidh an measúnú ar chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27 agus an luacháil dá dtagraítear i mír 1 go mír 15 den Airteagal seo bunaithe ar fhaisnéis faoi shócmhainní agus faoi dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach agus go mbeidh an measúnú agus an luacháil sin cothrom le dáta agus chomh hiomlán agus is indéanta go réasúnach.
|
|
Airteagal 20 15.
|
Beidh an luacháil ina chroíchuid den chinneadh faoi uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú nó den chinneadh faoi chumhacht
►M1
ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ díluacháil nó comhshó a fheidhmiú. Ní bheidh an luacháil féin faoi réir athbhreithniú breithiúnach ar leithligh ach féadfaidh sí a bheith faoi réir achomhairc in éineacht leis an gcinneadh ón mBord.
|
|
Airteagal 20 16.
|
Chun a mheasúnú an gcuirfí cóir níos fearr ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe dá rachadh an institiúid faoi réiteach faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, áiritheoidh an Bord, a luaithe agus is féidir tar éis éifeacht a bheith leis an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí réitigh, gur duine neamhspleách amhail dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfaidh an luacháil. Beidh an luacháil sin ar leithligh ón luacháil arna déanamh faoi mhír 1 go mír 15.
|
|
Airteagal 20 17.
|
Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 16, cinnfear:
(a)
an chóir a chuirfí ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe, nó ar na scéimeanna ábhartha ráthaithe taiscí dá mba rud é i gcás institiúide atá faoi réiteach, agus éifeacht a bheith tugtha do ghníomhaíocht nó gníomhaíochtaí réitigh ina leith, go raibh sí imithe faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ag an tráth a ndearnadh an cinneadh maidir le gníomhaíocht réitigh;
(b)
an chóir a cuireadh go hiarbhír ar na scairshealbhóirí agus ar na creidiúnaithe i ndáil le réiteach institiúide atá faoi réiteach; agus
(c)
an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chóir dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus an chóir dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo.
|
|
Airteagal 20 18.
|
Maidir leis an luacháil dá tagraítear i mír 16, ceanglófar an méid seo a leanas ina leith:
(a)
glacfar leis go rachadh institiúid atá faoi réiteach, agus éifeacht a bheith tugtha do ghníomhaíocht nó gníomhaíochtaí réitigh ina leith, faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta ag an tráth a ndearnadh an cinneadh maidir le gníomhaíocht réitigh;
(b)
glacfar leis nach mbeidh éifeacht tugtha don ghníomhaíocht ná do ghníomhaíochtaí réitigh;
(c)
ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách d'institiúid atá faoi réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|