|
+Airteagal 20 6. |
Airteagal 20 6.Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, beidh an luacháil, i gcás inarb infheidhme, bunaithe ar thoimhdí stuama, lena n-áirítear i ndáil le rátaí mainneachtana agus déine na gcaillteanas. Ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, nó aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús ar tacaíocht nó cúnamh iad a sholáthraítear d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ón tráth a ndéanfar beart réitigh nó ón tráth a bhfeidhmeofar an chumhacht chun ►M1 ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21 ◄ ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó. Thairis sin, más rud é go gcuirfear aon uirlis réitigh i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa luacháil:
(a)
go bhféadfaidh an Bord aon speansais réasúnacha a thabhaítear go cuí ón institiúid faoi réiteach a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 22(6);
(b)
go bhféadfaidh an Ciste ús nó táillí a ghearradh i leith aon iasachtaí nó ráthaíochtaí a sholáthraítear don institiúid faoi réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 76. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|