+Airteagal 22 Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
|
Airteagal 22 Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
I gcás ina gcinnfidh an Bord uirlis réitigh a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(2) nó le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm, ina mbeadh de thoradh ar an mbeart réitigh sin go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe nó go ndéanfaí a n-éilimh a chomhshó, déanfaidh an Bord a theagasc do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht chun ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil agus a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 a fheidhmiú láithreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach leis an gcur i bhfeidhm sin.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 18(6):
(a)
an uirlis díolacháin gnó;
(b)
an uirlis droichead-institiúide;
(c)
an uirlis deighilte sócmhainní;
|
|
Airteagal 22 3.
|
Le linn don Bhord an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) a ghlacadh, déanfaidh sé na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach ar bhonn na luachála de bhun Airteagal 20;
(b)
staid leachtachta na hinstitiúide faoi réiteach;
(c)
indíoltacht luach saincheadúnais na hinstitiúide faoi réiteach i bhfianaise dhálaí iomaíocha agus eacnamaíocha an mhargaidh;
|
|
Airteagal 22 4.
|
Déanfar na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ionas go gcomhlíonfar na cuspóirí réitigh a shonraítear in Airteagal 14, i gcomhréir leis na prionsabail réitigh a shonraítear in Airteagal 15. Féadfar iad a chur i bhfeidhm ina n-aonar nó i gcomhcheangal ar bith, ach amháin i gcás na huirlise deighilte sócmhainní nach bhféadfar a chur i bhfeidhm ach amháin i dteannta uirlise réitigh eile.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Nuair a chuirfear i bhfeidhm na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo chun gan aistriú a dhéanamh ach ar chuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, déanfar an t-eintiteas iarmharach dá dtagraítear in Airteagal 2 óna mbeidh na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais aistrithe a fhoirceannadh faoi na gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Féadfaidh an Bord aon speansais réasúnacha arna dtabhú go cuí i dtaca le húsáid na n-uirlisí nó cumhachtaí réitigh a ghnóthú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)
mar asbhaint as aon chomaoin a bheidh íoctha ag faighteoir leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí ionstraimí úinéireachta;
(b)
ón institiúid faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe; nó
(c)
ó aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh oibríocht na droichead-institiúide nó an mheáin bhainistíochta sócmhainní, mar chreidiúnaí fabhraithe.
Aon fháltais a gheobhaidh údaráis réitigh náisiúnta i dtaca le húsáid an Chiste, déanfar iad a aisíoc leis an mBord.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|