+Airteagal 32 Comhchomhairle agus comhar le Ballstáit neamh-rannpháirteacha agus le tríú tíortha
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.

Airteagal 32 Comhchomhairle agus comhar le Ballstáit neamh-rannpháirteacha agus le tríú tíortha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1.
►M6  I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha nó i dtríú tíortha chomh maith, gan dochar d’aon fhormheas ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht d’údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha nó tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 12, 13, 16, 18, 45h, 55, agus 88 go 92 de Threoir 2014/59/AE. ◄

I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus fochuideachtaí atá bunaithe, nó brainsí suntasacha atá lonnaithe, i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh an Bord aon phleananna, cinntí nó bearta dá dtagraítear in Airteagail 8, 10, 11, 12, agus 13 atá ábhartha don ghrúpa, a chur in iúl d'údaráis inniúla agus/nó d'údaráis réitigh an Bhallstáit neamh-rannpháirtigh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 32 2.
Déanfaidh an Bord, BCE agus údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát neamh-rannpháirteach meabhráin chomhthuisceana a thabhairt i gcrích ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar lena chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi Threoir 2014/59/AE.

Gan dochar don chéad fhomhír, déanfaidh an Bord meabhrán tuisceana a thabhairt i gcrích le húdarás réitigh gach Ballstáit rannpháirtigh agus atá ina Bhallstát baile do cheann amháin ar a laghad d'institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéimeach léi, arna sainaithint amhlaidh de bhun Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 32 3.
Athbhreithneofar gach meabhrán go tráthrialta agus déanfar iad a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.
Airteagal 32 4.
Déanfaidh an Bord, thar ceann údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannphárteach, socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích, ar socruithe iad a bheidh ag teacht le socruithe comhair chreat ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 97(2) de Threoir 2014/59/AE. Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE i dtaobh aon socrú comhair den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.