|
+Airteagal 35 1. |
Airteagal 35 1.Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus faoi réir aon choinníollacha eile a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord trí na húdaráis réitigh náisiúnta nó go díreach, agus tar éis dó iad a chur ar an eolas, na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát rannpháirteach. Chuige sin, féadfaidh an Bord an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;
(b)
leabhair agus taifid aon duine dhlítheanaigh nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;
(c)
mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó óna ionadaithe nó óna fhoireann;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|