+Airteagal 35 Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.

Airteagal 35 Imscrúduithe ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus faoi réir aon choinníollacha eile a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord trí na húdaráis réitigh náisiúnta nó go díreach, agus tar éis dó iad a chur ar an eolas, na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát rannpháirteach.

Chuige sin, féadfaidh an Bord an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a cheangal go gcuirfear doiciméid faoina bhráid;

(b) 

leabhair agus taifid aon duine dhlítheanaigh nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

(c) 

mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dlítheanach nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) nó óna ionadaithe nó óna fhoireann;

(d) 

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe.

Airteagal 35 2.
Beidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi réir imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón mBord.

I gcás ina gcuirfidh duine bac ar sheoladh an imscrúdaithe, déanfaidh údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh agus ina bhfuil an áitreabh ábhartha lonnaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an cúnamh riachtanach a thabhairt, lena n-áirítear rochtain an Bhoird ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a éascú, ionas gur féidir na cearta sin a fheidhmiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.