+Airteagal 36 Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.
|
Airteagal 36 Cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Chun a chuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus faoi réir coinníollacha eile a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 37 agus faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis réitigh náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha lena mbaineann, agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leo, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar áitreabh gnó na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1). I gcás inar gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a sheoladh go cuí agus go héifeachtúil, féadfaidh an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine dlítheanacha sin.
|
|
Airteagal 36 2.
|
Féadfaidh oifigigh an Bhoird agus daoine eile a údaróidh sé chun cigireachtaí ar an láthair a sheoladh dul isteach in áitreabh gnó ar bith agus ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag an mBord de bhonn Airteagal 35(2), agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 35(1) acu.
|
|
Airteagal 36 3.
|
Beidh na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar bhonn cinnidh ón mBord.
|
|
Airteagal 36 4.
|
Déanfaidh oifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát ina bhfuil an chigireacht le seoladh, faoi mhaoirseacht agus faoi chomhordú an Bhoird, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile atá údaraithe ag an mBord. Chuige sin, teachtfaidh siad na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2. Beidh sé de cheart ag oifigigh de chuid údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach lena mbaineann agus ag daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag na húdaráis sin páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.
|
|
Airteagal 36 5.
|
I gcás ina gcinnfidh oifigigh an Bhoird agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag an mBord go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a bheidh ordaithe de bhonn mhír 1, tabharfaidh údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitribh gnó agus leabhar cuntais nó taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach mbeidh an chumhacht sin ar fáil do na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann, déanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|