+Airteagal 39 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.

Airteagal 39 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.

Déanfaidh an Bord, trí bhíthin cinnidh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

iallach a chur ar an eintiteas sin cloí le cinneadh a glacadh faoi Airteagal 34;

(b) 

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) faisnéis iomlán a sholáthar a bheidh iarrtha trí chinneadh de bhun an Airteagail sin;

(c) 

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 35(1) géilleadh d'imscrúdú agus, go háirithe, taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile a iarrtar a thabhairt ar láimh agus faisnéis eile a iomlánú agus a cheartú a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun an Airteagail sin;

(d) 

iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 36(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair a bheidh ordaithe trí chinneadh de bhun an Airteagail sin.

Airteagal 39 2.
Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcloífidh an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó an duine lena mbaineann leis na cinntí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 39 3.
D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ná 0,1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin. Déanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ríomh amhail ón dáta a bheidh sonraithe sa chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
Airteagal 39 4.
Féadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fhógra faoi chinneadh an Bhoird.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.