|
+Airteagal 41 3. |
Airteagal 41 3.Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 38 agus Airteagal 39 in-fhorfheidhmithe. Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha is infheidhme maidir le nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát rannpháirteach ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Beidh an t-ordú maidir lena chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile leis ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit rannpháirtigh chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Bhord agus don Chúirt Bhreithiúnais. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean leanúint ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil. Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit rannpháirtigh, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|