+Airteagal 41 Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.

Airteagal 41 Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.

Foilseoidh an Bord na cinntí lena bhforchuirtear pionóis dá dtagraítear in Airteagal 38(1) agus in Airteagal 39(1), mura rud é go bhféadfadh an nochtadh sin díobháil a dhéanamh do réiteach an eintitis lena mbaineann. In aon cheann de na himthosca seo a leanas, is i ndíth ainm a dhéanfar an foilsiú:

(a) 

i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis a fhoilsítear agus tar éis measúnú éigeantach roimh ré go bhfaightear go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta sin díréireach;

(b) 

i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c) 

i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá i gceist.

Mar rogha air sin, féadfar, sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú i ndíth ainm laistigh den tréimhse sin.

Cuirfidh an Bord na híocaíochtaí pionóis tréimhsiúla uile a fhorchuireann sé faoi Airteagal 38 agus Airteagal 39 in iúl do ÚBE agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le stádas an achomhairc agus a thoradh.

Airteagal 41 2.
Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 38 agus Airteagal 39.
Airteagal 41 3.
Beidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagal 38 agus Airteagal 39 in-fhorfheidhmithe.

Rialófar an forfheidhmiú leis na rialacha is infheidhme maidir le nós imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát rannpháirteach ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Beidh an t-ordú maidir lena chur i bhfeidhm i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile leis ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit rannpháirtigh chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Bhord agus don Chúirt Bhreithiúnais.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean leanúint ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.

Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit rannpháirtigh, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

Airteagal 41 4.
Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar an gCiste.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.