+Airteagal 45 Trédhearcacht agus cuntasacht
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 3a.
---+Airteagal 45 4.
---+Airteagal 45 5.
---+Airteagal 45 6.
---+Airteagal 45 7.
---+Airteagal 45 8.
|
Airteagal 45 Trédhearcacht agus cuntasacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
Beidh an Bord cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir le mír 2 go mír 8.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Cuirfidh an Bord tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 46, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gach bliain maidir le feidhmiú na gcúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo. Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil, déanfar an tuarascáil a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Bhoird.
|
|
Airteagal 45 3.
|
Tíolacfaidh Cathaoirleach an tuarascáil sin go poiblí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
|
Airteagal 45 3a.
|
Foilseoidh an Bord a chuid beartas, treoirlínte, treoracha ginearálta agus doiciméad inmheánach oibre maidir le cúrsaí réitigh i gcoitinne agus maidir leis na cleachtais agus na modheolaíochtaí réitigh a bheidh le cur i bhfeidhm laistigh den Sásra Réitigh Aonair, a fhad agus nach mbeidh nochtadh ábhair rúnda i gceist leis an bhfoilsiú sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le foilsiú i gcás doiciméid ina bhfuil treoir nó treoracha d’fhoirne réitigh inmheánacha nó i gcás doiciméid eile a ullmhaítear chun faisnéis a mhalartú go hinmheánach laistigh den Sásra Réitigh Aonair, agus chun na gcríoch sin amháin.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht ag an gcoiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú na cúraimí réitigh ag an mBord. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair go bliantúil.
|
|
Airteagal 45 5.
|
Féadfaidh an Chomhairle an Cathaoirleach a éisteacht, arna iarraidh sin don Chomhairle, maidir leis an mBord a chúraimí réitigh a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 45 6.
|
Tabharfaidh an Bord freagra ó bhéal nó i scríbhinn, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, ar cheisteanna a dhíreoidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle chuige agus in aon chás laistigh de chúig seachtaine ó gheofar an cheist.
|
|
Airteagal 45 7.
|
Arna iarraidh sin dó, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata leis an gCathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh an choiste inniúil de Pharlaimint na hEorpa i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Parlaimint na hEorpa faoi CFAE a fheidhmiú. Tabharfar comhaontú i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Bord maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis na pléití sin a eagrú, d'fhonn rúndacht iomlán a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a fhorchuirtearar an mBord leis an Rialachán seo agus an Bord ag feidhmiú mar údarás réitigh náisiúnta faoin dlí ábhartha de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 45 8.
|
Le linn aon imscrúduithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa, oibreoidh an Bord i gcomhar leis an bParlaimint, faoi réir CFAE agus rialachán dá dtagraítear in Airteagal 226 de. Laistigh de shé mhí ó cheapadh an Chathaoirligh, tabharfaidh an Bord agus Parlaimint na hEorpa socruithe iomchuí i gcrích maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar don Bhord faoin Rialachán seo. Faoi réir chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 226 CFAE, clúdóidh na socruithe sin, inter alia, rochtain ar fhaisnéis, lena n-áirítear rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis rúnda eile a láimhseáil agus a chosaint, comhar sna héisteachtaí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(4) den Rialachán seo, pléití rúnda ó bhéal, tuarascálacha, freagraí ar cheisteanna, imscrúduithe agus faisnéis faoi nós imeachta roghnúcháin an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh, agus na ceithre chomhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) den Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|