+Airteagal 50 1.

Airteagal 50 1.

Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach:

(a) 

faoin 30 Samhain gach bliain, clár oibre bliantúil an Bhoird a ghlacadh don chéad bhliain eile bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Cathaoirleach ar aghaidh agus é a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig BCE mar eolas;

(b) 

buiséad bliantúil an Bhoird a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagal 61(2), agus cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a fhormheas agus urscaoileadh a thabhairt don Chathaoirleach i gcomhréir le hAirteagal 63(4) agus (8);

(c) 

faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid an Chiste, más rud é go bhfuil tacaíocht an Chiste sa ghníomhaíocht réitigh shonrach sin ag teastáil os cionn na tairsí de EUR 5 000 000 000 arb é 0,5 an t-ualú i gcás tacaíocht leachtachta;

(d) 

a luaithe a shroichfidh glanúsáid charntha an Chiste sa 12 mhí dheireanacha as a chéile tairseach EUR 5 000 000 000 , cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh a mheasúnú, go háirithe úsáid an Chiste, agus treoir a chur ar fáil ar cheart don seisiún feidhmiúcháin a leanúint i gcinntí réitigh dá éis sin, go háirithe, más iomchuí, idirdhealú a dhéanamh idir leachtacht agus cineálacha eile tacaíochta;

(e) 

cinneadh maidir leis an ngá le ranníocaíochtaí urghnácha ex-post a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71, maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72, maidir leis na foinsí airgeadais eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus 74, agus maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bhfuil tacaíocht ón gCiste atá os cionn na tairsí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo i gceist leis;

(f) 

cinneadh maidir le hinfheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 75;

(g) 

tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí an Bhoird a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 45, ina mbeidh mínithe mionsonraithe faoi chur chun feidhme an bhuiséid;

(h) 

na rialacha airgeadais is infeidhme maidir leis an mBord a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64;

(i) 

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme á gcur i gcuntas;

(j) 

rialacha a ghlacadh lena ndéanfar cosc agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i gcás a chomhaltaí;

(k) 

rialacha nós imeachta agus rialacha na Bhoird a ghlacadh le linn a sheisiúin feidhmiúcháin;

(l) 

i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, maidir le foireann an Bhoird, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus a thugtar don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (cumhachtaí an údaráis cheapacháin) le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (Coinníollacha Fostaíochta) ón gComhairle;

(m) 

na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

▼M6

(n) 

Oifigeach Cuntasaíochta agus iniúchóir inmheánach a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach acu agus a ndualgais á ndéanamh acu;

▼B

(o) 

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaithe ar fhionnachtana agus ar mholtaí a eascróidh ó na tuarascálacha iniúchóireachtaí agus ó mheastóireachtaí, inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF);

(p) 

cinntí uile a ghlacadh maidir le bunú struchtúir inmheánacha an Bhoird agus, más gá, maidir lena gcoigeartú;

(q) 

an creat dá dtagraítear in Airteagal 31(1) a fhormheas maidir leis na socruithe praiticiúla a eagrú don chomhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.