+Airteagal 52 Forálacha ginearálta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.

Airteagal 52 Forálacha ginearálta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1.
Déanfaidh an Bord, ina sheisiún iomlánach dó, a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
Airteagal 52 2.
De mhaolú ar mhír 1, déanfar cinntí dá dtagraítear in Airteagal 50(1)(c) agus(d) mar aon le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bheidh teoranta d'úsáid foinsí airgeadais atá ar fáil sa Chiste, a ghlacadh le tromlach simplí chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 30 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
Airteagal 52 3.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar cinntí dá dtagraítear in Airteagal 50(1), lena mbaineann ranníocaíochtaí ex-post a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71, cinntí maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72, maidir leis na foinsí maoiniúcháin eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 74, agus cinntí maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 78, a bhfuil i gceist leo go rachfar thar úsáid na bhfoinsí airgeadais atá ar fáil sa Chiste, déanfar iad a ghlacadh le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 50 % ar a laghad de na ranníocaíochtaí le linn na hidirthréimhse ocht mbliana go dtí go mbeidh an Ciste frithpháirtithe go hiomlán agus le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird, a sheasfaidh do 30 % de na ranníocaíochtaí ó shin ar aghaidh. Beidh vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil vóta aige. Is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.
Airteagal 52 4.
Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile agus na rialacha a rialaíonn córaim san áireamh, más iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.