+Airteagal 53 Rannpháirtíocht sna seisiúin feidhmiúcháin
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.

Airteagal 53 Rannpháirtíocht sna seisiúin feidhmiúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
►M6  Ina sheisiún feidhmiúcháin, comhdhéanfar an Bord den Chathaoirleach, den Leas-Chathaoirleach agus de na ceithre chomhalta eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b). Tiocfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, le chéile chomh minic agus is gá. ◄

Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird ina sheisiún feidhmiúcháin ar a thionscamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon duine de na comhaltaí, agus is é an Cathaoirleach a bheidh mar chathaoirleach orthu.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin cuireadh a chur ar bhreathnadóirí sa bhreis ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 43(3) chun páirt a ghlacadh ina chruinnithe, lena n-áirítear ionadaí ÚBE, agus iarrfaidh sé ar údaráis réitigh náisiúnta ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha páirt a ghlacadh ina chruinnithe, agus breithniúchán ar siúl faoi ghrúpa a bhfuil fochuideachtaí nó brainsí suntasacha aige sna Ballstáit neamh-rannpháirteacha sin. Beidh an rannpháirtíocht ar bhonn ad hoc

Airteagal 53 2.
I gcomhréir le mír 3 agus mír 4, glacfaidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(c) páirt i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.
Airteagal 53 3.
Agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, glacfaidh an comhalta atá ceaptha ag an mBallstát sin páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(1).
Airteagal 53 4.
Agus grúpa trasteorann á bhreithniú, glacfaidh an comhalta atá ceaptha ag an mBallstát ina bhfuil an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal lonnaithe, chomh maith leis na comhaltaí atá ceaptha ag na Ballstáit ina bhfuil fochuideachta nó eintiteas bunaithe atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite, páirt freisin sa phróiseas cinnteoireachta, agus beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(2).
Airteagal 53 5.
Áiritheoidh na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointí (a), (aa) agus (b), go bhfuil na cinntí agus gníomhaíochtaí réitigh, go háirithe maidir le húsáid an Chiste, sna foirmíochtaí difriúla de sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird comhleanúnach, iomchuí agus comhréireach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.