|
+Airteagal 54 2a. |
Airteagal 54 2a.Chun críocha mhír 2, pointe (f), beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:
(a)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, dréachtionstraim a thíolacadh don Bhord ina sheisiún iomlánach;
(b)
áiritheoidh an Bord ina sheisiún iomlánach go rachfar i gcomhairle leis na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (c), maidir leis an dréachtionstraim;
(c)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, athbhreithniú ar aon bharúlacha a thabharfar mar chuid den chomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na barúlacha, cuirfidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, a mheasúnú ar na barúlacha sin ar fáil don Bhord ina sheisiún iomlánach lena phlé;
(e)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cinneadh maidir leis an leagan deiridh den ionstraim tar éis an phlé dá dtagraítear i bpointe (d) agus tar éis aird chuí a thabhairt ar na barúlacha uile a gheofar. Tabharfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cúiseanna iomchuí don Bhord ina sheisiún iomlánach maidir leis na roghanna a rinneadh i ndáil leis an ionstraim dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Foilseofar achoimre ar na cúiseanna sin i dtuarascáil bhliantúil an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 45(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|