+Airteagal 54 Cúraimí
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 2a.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
|
Airteagal 54 Cúraimí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin:
(a)
na cinntí uile a ghlacfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach a ullmhú;
(b)
gach cinneadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 54 2.
|
►M6
Agus a dhualgais de bhun mhír 1 den Airteagal seo á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin: ◄
(a)
pleananna réitigh a ullmhú, a mheasúnú agus a fhormheas do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 6a(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 11;
(b)
oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintits agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna sin á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;
(c)
an t-íoschleanglas a chinneadh do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe a chaithfidh na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) a chomhlíonadh seasta i gcomhréir le hAirteagal 12 nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo á gcomhlíonadh;
(d)
scéim réitigh a chur ar fáil don Choimisiún chomh luath agus is féidir i gcomhréir le hAirteagal 18 lena ngabhfaidh an fhaisnéis ábhartha uile a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin in am trátha measúnú agus cinneadh a dhéanamh nó, i gcás inarb iomchuí, cinneadh a mholadh don Chomhairle, de bhun Airteagal 18(7);
(e)
cinneadh faoi chuid II de bhuiséad an Bhoird maidir leis an gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 60;
▼M6
(f)
comhairliúcháin a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2a maidir le treoirlínte, treoracha ginearálta agus aon ionstraimí eile a bhfuil feidhm ghinearálta acu laistigh den Sásra Réitigh Aonair ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé ar intinn ag an mBord an Rialachán seo a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 54 2a.
|
Chun críocha mhír 2, pointe (f), beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:
(a)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, dréachtionstraim a thíolacadh don Bhord ina sheisiún iomlánach;
(b)
áiritheoidh an Bord ina sheisiún iomlánach go rachfar i gcomhairle leis na comhaltaí den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (c), maidir leis an dréachtionstraim;
(c)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, athbhreithniú ar aon bharúlacha a thabharfar mar chuid den chomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na barúlacha, cuirfidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, a mheasúnú ar na barúlacha sin ar fáil don Bhord ina sheisiún iomlánach lena phlé;
(e)
déanfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cinneadh maidir leis an leagan deiridh den ionstraim tar éis an phlé dá dtagraítear i bpointe (d) agus tar éis aird chuí a thabhairt ar na barúlacha uile a gheofar.
Tabharfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cúiseanna iomchuí don Bhord ina sheisiún iomlánach maidir leis na roghanna a rinneadh i ndáil leis an ionstraim dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Foilseofar achoimre ar na cúiseanna sin i dtuarascáil bhliantúil an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 45(2).
|
|
Airteagal 54 3.
|
Más gá, de dheasca práinne, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin dó cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird ina sheisiún iomlánach, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le bainistíocht riaracháin, lena n-áirítear ábhair bhuiséadacha.
|
|
Airteagal 54 4.
|
Coinneoidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, an Bord ina sheisiún iomlánach dóar an eolas maidir leis na cinntí a ghlacfaidh sé i ndáil le réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|