+Airteagal 63 Cur chun feidhme an bhuiséid, tíolacadh cuntas agus tarscaoileadh
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
---+Airteagal 63 5.
---+Airteagal 63 6.
---+Airteagal 63 7.
---+Airteagal 63 8.
---+Airteagal 63 9.

Airteagal 63 Cur chun feidhme an bhuiséid, tíolacadh cuntas agus tarscaoileadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1.
Gníomhóidh an Cathaoirleach mar oifigeach údarúcháin agus cuirfidh sé buiséad an Bhoird chun feidhme.
Airteagal 63 2.
Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird cuntais shealadacha, mar aon le tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais le linn na bliana airgeadais chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhair barúlacha.

Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird an tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Airteagal 63 3.
Faoin 31 Márta gach bliain, tarchuirfidh an Cathaoirleach cuntais shealadacha an Bhoird don bhliain airgeadais roimhe sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Airteagal 63 4.
Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Bhoird a fháil, déanfaidh an Cathaoirleach ag gníomhú dó nó di ar a fhreagracht féin nó ar a freagracht féin, cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a tharraingt suas agus a chur chuig an mBord ina sheisiún iomlánach, lena bhformheas.
Airteagal 63 5.
Déanfaidh an Cathaoirleach, tar éis fhormheas an Bhoird a fháil, agus faoin 1 Iúil gach bliain, na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais roimhe sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
Airteagal 63 6.
I gcás ina bhfaightear barúlacha nó gCúirt Iniúchóirí, tabharfaidh an Cathaoirleach freagra orthufaoin 30 Meán Fómhair.
Airteagal 63 7.
Faoin 15 Samhain gach bliain, foilseofar na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais roimhe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 63 8.
Ina sheisiún iomlánach, tabharfaidh an Bord urscaoileadh don Chathaoirleach i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme.
Airteagal 63 9.
Déanfaidh an Cathaoirleach ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, aon fhaisnéis dá dtagraítear i gcuntas an Bhoird a thíolacadh don institiúid iarrthach de chuid an Aontais, faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos leis an Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.