|
+Airteagal 76 1. |
Airteagal 76 1.Laistigh den scéim réitigh, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, ní fhéadfaidh an Bord an Ciste á úsáid ach a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh a áirithiú chun na gcríoch seo a leanas:
(a)
sócmhainní nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, a fochuideachtaí, droichead-institiúide nó gléas bainistíochta sócmhainní a ráthú;
(b)
iasachtaí a thabhairt don institiúid faoi réiteach, dá fochuideachtaí, do dhroichead-institiúid nó do mheán bainistíochta sócmhainní;
(c)
sócmhainní de chuid na hinstitiúide faoi réiteach a cheannach;
(d)
ranníocaíochtaí a dhéanamh le droichead-institiúid agus le gléas bainistíochta sócmhainní;
(e)
cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireachta de bhun Airteagal 20(5), go bhfuil caillteanais níos mó tabhaithe acu ná mar a bheadh tabhaithe acu, tar éis luachála de bhun Airteagal 20(16), i gcás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dóchmhainneachta;
(f)
ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach in áit dliteanais chreidiúnaithe áirithe a dhíluacháil nó a chomhshó, nuair a chuirtear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm agus nuair adhéantar cinneadh creidiúnaithe áirithe a eisiamh ó scóip na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5);
(g)
aon teaglaim de na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|