+Airteagal 76 Misean an Chiste
---+Airteagal 76 1.
---+Airteagal 76 2.
---+Airteagal 76 3.
---+Airteagal 76 4.

Airteagal 76 Misean an Chiste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 76 1.

Laistigh den scéim réitigh, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, ní fhéadfaidh an Bord an Ciste á úsáid ach a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh a áirithiú chun na gcríoch seo a leanas:

(a) 

sócmhainní nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, a fochuideachtaí, droichead-institiúide nó gléas bainistíochta sócmhainní a ráthú;

(b) 

iasachtaí a thabhairt don institiúid faoi réiteach, dá fochuideachtaí, do dhroichead-institiúid nó do mheán bainistíochta sócmhainní;

(c) 

sócmhainní de chuid na hinstitiúide faoi réiteach a cheannach;

(d) 

ranníocaíochtaí a dhéanamh le droichead-institiúid agus le gléas bainistíochta sócmhainní;

(e) 

cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireachta de bhun Airteagal 20(5), go bhfuil caillteanais níos mó tabhaithe acu ná mar a bheadh tabhaithe acu, tar éis luachála de bhun Airteagal 20(16), i gcás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dóchmhainneachta;

(f) 

ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach in áit dliteanais chreidiúnaithe áirithe a dhíluacháil nó a chomhshó, nuair a chuirtear an uirlis fortharrthála i bhfeidhm agus nuair adhéantar cinneadh creidiúnaithe áirithe a eisiamh ó scóip na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5);

(g) 

aon teaglaim de na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) a dhéanamh.

Airteagal 76 2.
Féadfar an Ciste a úsáid le bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh freisin i ndáil leis an gceannaitheoir i gcomhthéacs na huirlise díolacháin gnó.
Airteagal 76 3.
Ní úsáidfear an Ciste go díreach le caillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a iompar nó le heintiteas den sórt sin a athchaipitliú. I gcás ina gcuirfear cuid de chaillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste mar thoradh indíreach ar úsáid an Chiste chun na gcríoch i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an Chiste a leagtar amach in Airteagal 27.
Airteagal 76 4.
Ní fhéadfaidh an Bord an caipiteal a ranníocfar leis i gcomhréir le pointí (f) de mhír 1 a shealbhú ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.