|
+Airteagal 77 Úsáid an Chiste |
Airteagal 77 Úsáid an ChisteAirteagal 77 Úsáid an Chiste Beidh úsáid an Chiste ag brath ar an gComhaontú ina n-aontaíonn na Ballstáit rannpháirteacha na ranníocaíochtaí a chruinneoidh siad ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2014/59/AE a aistriú chuig an gCiste agus déanfar na prionsabail a leagtar síos sa chomhaontú sin a chomhlíonadh leis an úsáid sin. Dá réir sin, go dtí go sroichfidh an Ciste an spriocleibhéal maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69, ach tráth nach déanaí ná ocht mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Airteagail seo, úsáidfidh an Bord an Ciste i gcomhréir le prionsabail a bheidh bunaithe ar roinnt an Chiste in urranna náisiúnta a fhreagróidh do gach Ballstát rannpháirteach, agus ar chumasc forchéimnitheach na gcistí difriúla ar an leibhéal náisiúnta a bheidh le leithdháileadh ar urranna náisiúnta den Chiste, mar a leagtar síos sa Chomhaontú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|