+Airteagal 85 Painéal Achomhairc
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 2.
---+Airteagal 85 3.
---+Airteagal 85 4.
---+Airteagal 85 5.
---+Airteagal 85 6.
---+Airteagal 85 7.
---+Airteagal 85 8.
---+Airteagal 85 9.
---+Airteagal 85 10.
|
Airteagal 85 Painéal Achomhairc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 85 1.
|
Cuirfidh an Bord Painéal Achomhairc ar bun chun críocha cinneadh a dhéanamh faoi achomhairc a thíolacfar i gcomhréir le mír 3.
|
|
Airteagal 85 2.
|
Beidh cúigear ar a mbeidh dea-cháil ar an bPainéal Achomhairc, ó na Ballstáit agus ag a mbeidh faisnéis ábhartha agus taithí ghairmiúil chruthaithe, lena n-áirítear taithí réitigh, ar leibhéal atá ard a dhóthain sna réimsí baincéireachta nó i seirbhísí airgeadais eile, gan foireann reatha an Bhoird san áireamh ná foireann reatha na n-údarás réitigh nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí náisiúnta eile nó Aontais a fheidhmeoidh na cúraimí a thugann an Rialachán seo don Bhord. Beidh acmhainní leordhóthanacha agus saineolas ag an bPainéal Achomhairc chun sainchomhairle dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht fheidhmiú a chuid cumhachtaí ag an mBord. Déanfaidh an Bord comhaltaí an Phainéil Achomhairc agus beirt mhalartach a cheapadh ar feadh téarma cúig bliana, a d'fhéadfaí a fhadú uair amháin, tar éis glao poiblí ar léirithe spéise a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha.
|
|
Airteagal 85 3.
|
►M6
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear na húdaráis réitigh, achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an Bhoird arna ghlacadh faoi Airteagal 10(10), Airteagal 11, Airteagal 12(1), Airteagal 38 go hAirteagal 41, Airteagal 65(3), Airteagal 71 agus Airteagal 90(3) a bheidh dírithe ar an duine sin nó a bhainfidh go díreach nó go leithleach leis an duine sin. ◄
Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn leis an bPainéal Achomhairc, laistigh de shé seachtaine ón dáta a dtabharfar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra, laistigh de shé seachtaine ón lá a bheidh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh.
|
|
Airteagal 85 4.
|
Déanfaidh an Painéal Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de mhí amháin ón uair a taisceadh é. Cinnfidh an Painéal Achomhairc ar bhonn tromlaigh de thriúr dá chúigear comhalta ar a laghad.
|
|
Airteagal 85 5.
|
Gníomhóidh comhaltaí an Phainéil Achomhairc go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Chun na gcríoch sin, tabharfaidh siad dearbhú poiblí gealltanas agus dearbhú poiblí leasanna lena léirítear aon leas díreach nó indíreach a d'fhéadfaí a bhreithniú ina leith gur dochar dá neamhspleáchas é nó lena léirítear nach bhfuil aon leas den sórt sin acu.
|
|
Airteagal 85 6.
|
Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 3. Féadfaidh an Painéal Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.
|
|
Airteagal 85 7.
|
Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Painéal Achomhairc cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil bunús maith leis an achomharc. Iarrfaidh sé ar na páirtithe a bheith i láthair ag na himeachtaí achomhairc chun barúlacha a chomhdú, laistigh de theorainneacha ama sonraithe, maidir lena fhógraí féin nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.
|
|
Airteagal 85 8.
|
Féadfaidh an Painéal Achomhairc an cinneadh a ghlacfaidh an Painéal Achomhairc a dhearbhú nó an cás a chur ar ais chuig an mBord. Beidh cinneadh an Phainéil Achomhairc ina cheangal ar an mBord agus glacfaidh sé cinneadh leasaithe maidir leis an gcás i gceist.
|
|
Airteagal 85 9.
|
Beidh cinntí an Phainéil Achomhairc réasúnaithe agus cuirfear fógra ina leith chuig na páirtithe.
|
|
Airteagal 85 10.
|
Glacfaidh an Painéal Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|