+Airteagal 87 Dliteanas an Bhoird
---+Airteagal 87 1.
---+Airteagal 87 2.
---+Airteagal 87 3.
---+Airteagal 87 4.
---+Airteagal 87 5.
---+Airteagal 87 6.

Airteagal 87 Dliteanas an Bhoird

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 87 1.
Rialófar dliteanas conarthach an Bhoird tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.
Airteagal 87 2.
Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna chur i gcrích ag an mBord.
Airteagal 87 3.
I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Bord, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do na dlíthe maidir le dliteanas údaráis phoiblí na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas a shlánú, go háirithe ina bhfeidhmeanna réitigh, lena n-áirítear gníomhartha agus neamhghníomhartha ag tacú le nósanna imeachta réitigh eachtracha.
Airteagal 87 4.
Cúiteoidh an Bord d'údarás réitigh náisiúnta na damáistí a ordóidh cúirt náisiúnta dó a íoc, nó ar gheall sé, i gcomhaontú leis an mBord, a íoc de bhun socraíocht chairdiúil, ar thoradh iad ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an t-údarás réitigh náisiúnta sin le linn réitigh ar bith faoin Rialachán seo, eintitis agus grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus eintitis agus grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) áit a gcomhlíonfar na coinníollacha chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm nó de bhun an dara fomhír d'Airteagal 7(3). Ní bheidh an oibleagáid sin infheidhme i gcás gur sárú é an gníomh nó an neamhghníomh ar an Rialachán seo, ar fhoráil eile dhlí an Aontais, ar chinneadh ón mBord, ón gComhairle, nó ón gCoimisiún, a rinneadh d'aonturas nó de bharr earráid shoiléir agus thromchúiseach breithiúnais.
Airteagal 87 5.
Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le míreanna 3 agus 4. Cuirfear urchosc le himeachtaí in ábhair a thiocfaidh as dliteanas neamhchonarthach tar éis tréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas is siocair leis.
Airteagal 87 6.
Rialófar dliteanas pearsanta a fhoirne i leith an Bhoird leis na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.