+Airteagal 92 An Chúirt Iniúchóirí
---+Airteagal 92 1.
---+Airteagal 92 2.
---+Airteagal 92 3.
---+Airteagal 92 4.
---+Airteagal 92 5.
---+Airteagal 92 6.
---+Airteagal 92 7.
---+Airteagal 92 8.

Airteagal 92 An Chúirt Iniúchóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 92 1.
Tairgfidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil speisialta do gach tréimhse 12 mhí, ag tosú an 1 Aibreán gach bliain.
Airteagal 92 2.

Déanfaidh gach tuarascáil scrúdú:

(a) 

cibé ar tugadh nó nár tugadh dóthain airde ar úsáid an Chiste ó thaobh na heacnamaíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtúlachta de, go háirithe an gá le húsáid an Chiste a íoslaghdú;

(b) 

cibé an raibh nó nach raibh an measúnú a rinneadh ar an gcabhair ón gCiste éifeachtach agus beacht.

Airteagal 92 3.
Déanfar gach tuarascáil faoi mhír 1 a chur i láthair laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil.
Airteagal 92 4.
I ndiaidh bhreithniúchán na gcuntas críochnaitheach arna n-ullmhú ag an mBord i gcomhréir le hAirteagal 63, ullmhóidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil faoina fhionnachta faoin 1 Nollaig den bhliain airgeadais dar gcionn. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí, go háirithe, tuairisciú faoi aon dhliteanais theagmasacha (cibé acu don Bhord, don Chomhairle, don Choimisiún nó do chomhlacht eile) a eascróidh as feidhmiú a gcúraimí faoin Rialachán seo don Bhord, don Chomhairle agus don Choimisiún.
Airteagal 92 5.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí aon ábhair ábhartha eile a thagann faoina n-inniúlacht a leagtar amach in Airteagal 287(4) CFAE a scrúdú.
Airteagal 92 6.
Seolfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 chuig an mBord, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus poibleofar iad gan mhoill.
Airteagal 92 7.
Laistigh de dhá mhí ón dáta a bpoibleofar gach tuarascáil faoi mhír 1 tabharfaidh an Coimisiún freagairt mhionsonraithe i scríbhinn a phoibleofar.

Laistigh de dhá mhí ón dáta a bpoibleofar gach tuarascáil faoi mhír 4 tabharfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún faoi seach freagairt mhionsonraithe i scríbhinn a phoibleofar.

Airteagal 92 8.
Beidh an chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí aon fhaisnéis ábhartha a fháil ón mBord, ón gComhairle agus ón gCoimisiún chun na cúraimí a thugtar di leis an Airteagal seo a fheidhmiú. Soláthróidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha laistigh de chreat ama den sórt sin faoi mar a bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a shonrú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.