+Airteagal 93 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 93 1.
---+Airteagal 93 2.
---+Airteagal 93 3.
---+Airteagal 93 4.
---+Airteagal 93 5.
---+Airteagal 93 6.
---+Airteagal 93 7.
|
Airteagal 93 An tarmligean a fheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 93 1.
|
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
|
|
Airteagal 93 2.
|
Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(8), Airteagal 65(5), Airetagal 69(5), Airteagal 71(3) agus Airteagal 75(4) ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó na dáta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 99.
|
|
Airteagal 93 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún comhleanúnachas a áirithiú idir gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2014/59/AE.
|
|
Airteagal 93 4.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 19(8), 65(5), 69(5), 71(3), agus 75(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
|
|
Airteagal 93 5.
|
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
|
|
Airteagal 93 6.
|
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 19(8), 65(5), 69(5), 71(3), agus 75(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
|
|
Airteagal 93 7.
|
Ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcás ina laghdaítear, trí shos, am grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa go tréimhse níos lú ná cuig mhí, agus leathnú ar bith san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|