+Airteagal 94 Athbhreithniú
---+Airteagal 94 1.
---+Airteagal 94 2.
---+Airteagal 94 3.
|
Airteagal 94 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 94 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2018, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuirfear béim ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann d'fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:
(a)
feidhmiú SRA, a éifeachtúlacht costais, chomh maith le tionchar a ghníomhaíochtaí réitigh ar leasanna an Aontais ina iomláine agus ar chomhleanúnachas agus sláine an mhargaidh aonair do sheirbhísí airgeadais, lena n-áirítear a thionchar féideartha ar struchtúir na gcóras baincéireachta náisiúnta laistigh den Aontas, i gcomparáid le córais bhaincéireachta eile, agus maidir le héifeachtacht comhair agus socruithe comhroinnte faisnéise laistigh de SRA, idir SRA agus SMA agus idir SRA, na húdaráis réitigh náisiúnta, údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát neamh-rannpháirteach, go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar an méid a leanas:
(i)
an bhfuil riachtanas ann gur institiúid neamhspleách de chuid an Aontais a dhéanfaidh na feidhmeanna a leithdháiltear leis an Rialachán seo ar an mBord, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a fheidhmiú go huile agus go hiomlán agus, má tá, cad iad na hathruithe ar na forálacha ábhartha atá riachtanach, lena n-áirítear ar leibhéal an dlí phríomhúil;
(ii)
an iomchuí atá an comhar idir SRA, SMA, BERS, ÚBE, ÚEUM agus ÚEÁPC, agus na húdaráis eile ar cuid iad de CEMA;
(iii)
an de shócmhainní fónta agus éagsúlaithe atá an punann infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 75 déanta;
(iv)
an bhfuil an nasc idir fiachas ceannasach agus riosca baincéireachta briste;
(v)
a iomchuí atá na socruithe rialachais, lena n-áirítear roinnt na gcúraimí laistigh den Bhord agus comhdhéanamh na socruithe vótála san fheidhmeannacht agus i seisiúin iomlánacha an Bhoird agus caidreamh an Bhoird leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle;
(vi)
an bhfuil an pointe tagartha chun spriocleibhéal a shocrú don Chiste leormhaith agus go háirithe, an oiriúnaí mar bhonn níos iomchuí iad taiscí faoi chumhdach nó dliteanais iomlána agus ar cheart dearbhmhéid íosta a bhunú don Chiste chun go seachnófaí luaineacht i sreabhadh na bhfoinsí airgeadais chuig an gCiste agus chun a áirithiú go mbeidh maoiniú an Chiste cobhsaí agus leormhaith in imeacht aimsire;
(vii)
an bhfuil sé riachtanach an spriocleibhéal maoiniúcháin don Chiste a mhodhnú, mar aon le leibhéal na ranníocaíochtaí, chun machaire comhréidh a áirithiú laistigh den Aontas;
(b)
éifeachtacht socruithe neamhspleáchais agus cuntasachta;
(c)
an idirghníomhaíocht idir an Bord agus ÚBE;
(d)
an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis réitigh náisiúnta na mBallstát neamh-rannpháirteacha agus éifeachtaí SRA ar na Ballstáit sin, chomh leis an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis ábhartha tríú tíre mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(90) de Threoir 2014/59/AE;
(e)
an gá céimeanna a thabhairt chun imeachtaí dócmhainneachta le haghaidh institiúidí ar chlis orthu a chomhchuibhiú.
|
|
Airteagal 94 2.
|
Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, tograí a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 94 3.
|
Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar Threoir 2014/59/AE, iarrfar ar an gCoimisiún freisin, athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|