2. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na pleananna réamhghabhálacha téarnaimh ar fad a bheidh faighte acu a sholáthar do na húdaráis réitigh. Féadfaidh na húdaráis réitigh scrúdú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh chun aon ghníomhaíocht sa phlean réamhghabhálach téarnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar inréiteacht na ngnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta maidir leis na hábhair sin, laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 1.