+Airteagal 6 Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta ar phleananna réamhghabhálacha téarnaimh
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
|
Airteagal 6 Athbhreithniú agus measúnú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta ar phleananna réamhghabhálacha téarnaimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Laistigh de 9 mí ó chuirtear isteach gach plean réamhghabhálach téarnaimh, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta athbhreithniú ar an bplean sin agus déanfaidh siad measúnú ar a mhéid a chomhlíontar sa phlean na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5, agus na nithe seo a leanas ar fad:
|
(a)
|
cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go gcoinneoidh nó go n-athbhunóidh cur chun feidhme na socruithe atá beartaithe sa phlean inmharthanacht agus staid airgeadais an ghnóthais árachais nó athárachais laistigh de thréimhse ama iomchuí;
|
|
(b)
|
cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go gcuirfear chun feidhme an plean agus na roghanna sonracha sa phlean go tapa agus go héifeachtach i gcásanna ina bhfuil strus airgeadais;
|
|
(c)
|
cé acu atá nó nach bhfuil seans réasúnta ann go seachnófar leis an bplean agus na roghanna sonracha sa phlean aon éifeacht mhór dhíobhálach ar an gcóras airgeadais a mhéid is mó agus is féidir, lena n-áirítear i gcásanna a spreagfadh gnóthais eile árachais agus athárachais chun pleananna réamhghabhálacha téarnaimh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse chéanna.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na pleananna réamhghabhálacha téarnaimh ar fad a bheidh faighte acu a sholáthar do na húdaráis réitigh. Féadfaidh na húdaráis réitigh scrúdú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh chun aon ghníomhaíocht sa phlean réamhghabhálach téarnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar inréiteacht na ngnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta maidir leis na hábhair sin, laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 1.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. I gcás ina gcuireann gnóthas árachais nó athárachais gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann i gcrích, soláthróidh an t-údarás maoirseachta baile an plean réamhghabhálach téarnaimh don údarás maoirseachta óstach, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta óstach sin. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta óstach scrúdú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh chun aon ghníomhaíocht sa phlean réamhghabhálach téarnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shealbhóirí polasaí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar chobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát agus chun moltaí a dhéanamh don údarás maoirseachta baile maidir leis na hábhair sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta baile freagra réasúnaithe maidir lena chinneadh na moltaí a leanúint nó gan iad a leanúint. I gcás nach gcuireann an t-údarás maoirseachta baile moltaí an údaráis maoirseachta óstaigh san áireamh i gceart, féadfaidh an t-údarás maoirseachta óstach an t-ábhar a tharchur chuig EIOPA i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Údaráis mhaoirseachta a thagann ar an gconclúid, tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar an bplean réamhghabhálach téarnaimh, go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean sin nó go bhfuil baic ábharacha ann ar a chur chun feidhme, tabharfaidh siad fógra don ghnóthas árachais nó athárachais lena mbaineann faoi ábhar a measúnaithe agus cuirfidh siad ceangal ar an ngnóthas lena mbaineann plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 2 mhí, lena léireofar cén dóigh a dtugtar aghaidh ar na heasnaimh nó ar na baic sin. Ar iarraidh ón ngnóthas lena mbaineann, féadfar síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse 2 mhí sin i gcás ina gcomhaontaíonn an t-údarás maoirseachta amhlaidh.
Sula gcuirfidh sé de cheangal ar ghnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh a chur isteach arís, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta an deis don ghnóthas a thuairim a chur in iúl maidir leis an gceanglas sin.
An t-údarás maoirseachta a thugann faoi deara nár tugadh aghaidh ar na heasnaimh agus na baic go leordhóthanach sa phlean athbhreithnithe, féadfaidh sé a ordú don ghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.
|
|
Airteagal 6 5
|
5. I gcás nach gcuireann an gnóthas árachais nó athárachais plean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe isteach, nó i gcás ina dtagann an t-údarás maoirseachta ar an gconclúid nach ndéantar na heasnaimh nó na baic a sainaithníodh ina mheasúnú bunaidh a réiteach go leordhóthanach sa phlean réamhghabhálach téarnaimh athbhreithnithe, agus i gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a réiteach go leordhóthanach le hordú chun athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean, ceanglóidh an t-údarás maoirseachta ar an ngnóthas athruithe a shainaithint laistigh de thréimhse réasúnach a d’fhéadfadh an gnóthas a dhéanamh ar a ghnó chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa phlean réamhghabhálach téarnaimh nó ar na baic maidir le cur chun feidhme an phlean sin.
I gcás nach sainaithníonn an gnóthas árachais nó athárachais na hathruithe sin laistigh den tréimhse arna socrú ag an údarás maoirseachta, nó i gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta nach dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh nó na baic go leordhóthanach leis na gníomhaíochtaí arna moladh ag an ngnóthas, féadfaidh an t-údarás maoirseachta cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a ordú don ghnóthas aon bheart a dhéanamh a mheasann an t-údarás maoirseachta is gá agus is comhréireach, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic mar aon le héifeacht na mbeart ar ghnó an ghnóthais.
Tabharfar fógra i scríbhinn don ghnóthas árachais nó athárachais faoin gcinneadh seo, ar cinneadh é a bheidh faoi réir ceart achomhairc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|