1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag an maoirseoir grúpa a cheangal ar mháthairghnóthas deiridh grúpa plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an mhaoirseora grúpa.
Plean réamhghabhálach grúpa téarnaimh ar a bhfuil an máthairghnóthas deiridh i gceannas a bheidh sna pleananna réamhghabhálacha grúpa téarnaimh. Sainaithneofar sa phlean réamhghabhálach grúpa téarnaimh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bhféadfadh gá a bheith lena gcur chun feidhme ar leibhéal an mháthairghnóthais deiridh sin agus ar leibhéal a fhoghnóthas aonair chun a staid airgeadais a athbhunú i gcás ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an staid sin.
Forchuirfidh an maoirseoir grúpa an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.