+Airteagal 10 Pleananna réitigh grúpa
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 Pleananna réitigh grúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas le haghaidh grúpaí atá faoi réir pleanáil réitigh ar bhonn na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9(2).
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Déanfar sa phlean réitigh grúpa:
|
(a)
|
na gníomhaíochtaí réitigh a leagan amach a ghlacfar i leith gach eintitis ina mbeidh gá le bearta chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;
|
|
(b)
|
scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú ar bhealach comhordaithe agus aon bhac féideartha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;
|
|
(c)
|
i gcás ina gcuimsítear i ngrúpa eintitis a corpraíodh i dtríú tíortha, socruithe iomchuí a shainaithint le haghaidh comhar agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin chomh maith leis na himpleachtaí maidir le réiteach laistigh den Aontas;
|
|
(d)
|
na bearta a shainaithint, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith, is gá chun réiteach grúpa a éascú, agus idirthuilleamaíochtaí inghrúpa á gcur san áireamh;
|
|
(e)
|
foinsí cistiúcháin atá ar fáil a shainaithint chun na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina mbeadh gá le scéimeanna ráthaíochta árachais nó le haon socrú maoiniúcháin a úsáid, prionsabail a leagan amach chun freagracht as an maoiniú sin a chomhroinnt idir foinsí cistiúcháin i mBallstáit dhifriúla, gan glacadh leis go mbeidh aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann;
|
|
(f)
|
na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 9(6) a áireamh.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal pleananna réitigh grúpa agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus, i gcás inar ilchuideachta airgeadais é an grúpa, nó inar cuid d’ilchuideachta airgeadais é, chuig an údarás réitigh ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus chuig an údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Féadfaidh na húdaráis réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas le haghaidh foghnóthais árachais nó athárachais nó le haghaidh na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) agus (d), i gcás nach ann d’aon phlean réitigh grúpa.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Agus pleananna réitigh á dtarraingt suas acu, féadfaidh údaráis réitigh d’fhoghnóthais de chuid an Aontais an straitéis réitigh arna saothrú ag na húdaráis tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh le haghaidh na ngrúpaí a bhfuil na húdaráis réitigh sin freagrach astu.
Má mheasann an t-údarás réitigh go bhfuil an straitéis réitigh sin inchreidte agus indéanta, féadfaidh sé an straitéis réitigh sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aici ar an bhfoghnóthas de chuid an Aontais lena mbaineann a léiriú go hiomchuí ina phlean réitigh. Ní chuirfidh sé sin gnóthú na gcuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 i mbaol.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Forbróidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ábhar na bpleananna réitigh grúpa, agus an éagsúlacht samhlacha gnó atá ag grúpaí sa mhargadh inmheánach á cur san áireamh.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2026.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|