+Airteagal 11 Ceanglais agus nós imeachta i leith pleananna réitigh grúpa
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
|
Airteagal 11 Ceanglais agus nós imeachta i leith pleananna réitigh grúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na máthairghnóthais deiridh faoi bhráid an údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis sin is féidir a cheangal faoi Airteagal 12. Bainfidh an fhaisnéis sin le máthairghnóthas deiridh agus a mhéid is gá le gach ceann de na grúpeintitis lena n-áirítear na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal an fhaisnéis ábhartha arna soláthar i gcomhréir leis an mír seo a tharchur chuig:
|
(b)
|
na húdaráis réitigh atá ina gcomhaltaí den choláiste réitigh;
|
|
(c)
|
na húdaráis mhaoirseachta ábhartha atá ina gcomhaltaí de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach ann dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE nó atá rannpháirteach ann.
|
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, i gcoláistí réitigh, agus iad ag gníomhú go comhpháirteach leis na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b), agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar comhaltaí iad de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach sa choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun. Féadfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, más mian leo, agus faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagal 80 den Treoir seo a chomhlíonadh, deis a thabhairt d’údaráis réitigh tríú tír na ndlínsí ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais nó cuideachtaí sealbhaíochta árachais nó brainsí móra bunaithe ag an ngrúpa a bheith páirteach i dtarraingt suas na bpleananna réitigh grúpa agus i gcoinneáil ar bun na bpleananna réitigh grúpa, mar a shainmhínítear de bhun Airteagal 248(8) de Threoir 2009/138/CE.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna réitigh grúpa a athbhreithniú, agus i gcás inarb iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain, ar a laghad, agus in aon chás:
|
(a)
|
tar éis aon athrú ar an struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil, ar an ngnó, nó ar staid airgeadais an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas, a bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith aige ar an bplean nó a d’fhéadfadh athrú a éileamh ar an bplean;
|
|
(b)
|
i gcás inar féidir a thuar go bhféadfadh éifeacht ábharach a bheith ag athrú ábharach ar staid airgeadais an ghrúpa ar éifeachtacht an phlean réitigh, nó a d’éileodh ar shlí eile go ndéanfaí athbhreithniú ar an bplean sin.
|
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Glacfar an plean réitigh grúpa i bhfoirm cinneadh comhpháirteach, dá dtagraítear in Airteagal 17, den údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus d’údaráis réitigh na bhfoghnóthas árachais nó athárachais agus de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) go (e).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|