2. I gcás ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais de chuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha i seilbh dhíreach nó indíreach cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais idirmheánaí, agus nach ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh chun críocha réiteach grúpa i leith na cuideachta sealbhaíochta árachais atá ag plé le gníomhaíochtaí measctha.