Airteagal 21
Imeachtaí i leith gnóthais nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh
Maidir leis na gnóthais árachais nó athárachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (c), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (d), de Threoir 2009/138/CE, nó faoi réir imeachtaí eile faoin dlí náisiúnta arna n-oscailt ag na húdaráis inniúla agus a ndéanann na húdaráis inniúla faireachán orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 268(1), pointe (a), de Threoir 2009/138/CE, lena n-áirithítear imeacht ordúil ón margadh.