5. Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Sa luacháil chinntitheach freisin, beidh meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil dá ndéanfaí an t-eintiteas lena mbaineann a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 56.