+Airteagal 24 Ceanglais maidir le luacháil
---+Airteagal 24 1
---+Airteagal 24 2
---+Airteagal 24 3
---+Airteagal 24 4
---+Airteagal 24 5
---+Airteagal 24 6
|
Airteagal 24 Ceanglais maidir le luacháil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1
|
1. Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23, áiritheoidh na Ballstáit gur aon cheann díobh seo a leanas a dhéanfaidh iad:
|
(a)
|
duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e);
|
|
(b)
|
an t-údarás réitigh, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.
|
|
|
Airteagal 24 2
|
2. Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 a bheith cinntitheach i gcás ina ndearna duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo iad agus ina gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 3 go 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 24 3
|
3. Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar inti aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann ón tráth a dhéantar gníomhaíocht réitigh.
|
|
Airteagal 24 4
|
4. Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e):
|
(a)
|
ráiteas airgeadais nuashonraithe agus luacháil eacnamaíoch nuashonraithe, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, maidir leis an eintiteas;
|
|
(b)
|
tuarascáil maidir le staid airgeadais an eintitis, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, meastóireacht a dhéanfaidh feidhm achtúireach neamhspleách ar fhorálacha teicniúla an eintitis dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2, de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(c)
|
aon fhaisnéis bhreise maidir le luachanna margaidh agus cuntasaíochta na sócmhainní, na bhforálacha teicniúla dá dtagraítear i dTeideal I, Caibidil VI, Roinn 2, de Threoir 2009/138/CE, agus na ndliteanas eile de chuid an eintitis.
|
|
|
Airteagal 24 5
|
5. Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Sa luacháil chinntitheach freisin, beidh meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil dá ndéanfaí an t-eintiteas lena mbaineann a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 56.
|
|
Airteagal 24 6
|
6. Ullmhóidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
|
(a)
|
na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e) araon, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
|
|
(b)
|
na modheolaíochtaí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an ghnóthais árachais nó athárachais i gcomhthéacs réitigh;
|
|
(c)
|
an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagail 23 agus 56 den Treoir seo.
|
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|