+Airteagal 25 Luachálacha sealadacha agus críochnaitheacha
---+Airteagal 25 1
---+Airteagal 25 2
---+Airteagal 25 3
---+Airteagal 25 4
|
Airteagal 25 Luachálacha sealadacha agus críochnaitheacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1
|
1. Measfar gur luachálacha sealadacha iad luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 23 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(2).
Sna luachálacha sealadacha beidh maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.
|
|
Airteagal 25 2
|
2. Údaráis réitigh a dhéanfaidh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.
Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na húdaráis réitigh sin:
|
(a)
|
gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ina leabhair;
|
|
(b)
|
go gcuirfidh sí bonn eolais faoi chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.
|
|
|
Airteagal 25 3
|
3. I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an t-údarás réitigh:
|
(a)
|
an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe a ndéantar difear dóibh agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;
|
|
(b)
|
ceangal a chur ar ghnóthas idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an ngnóthas faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta.
|
|
|
Airteagal 25 4
|
4. Déanfaidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|