1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar na ceanglais seo a leanas agus gnóthas idirlinne á oibriú:
|
(a)
|
beidh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne formheasta ag an údarás réitigh;
|
|
(b)
|
faoi réir struchtúr úinéireachta an ghnóthais idirlinne, déanfaidh an t-údarás réitigh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais idirlinne a cheapadh nó a fhormheas;
|
|
(c)
|
déanfaidh an t-údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;
|
|
(d)
|
déanfaidh an t-údarás réitigh straitéis agus próifíl riosca an ghnóthais idirlinne a fhormheas;
|
|
(e)
|
tabharfar údarú don ghnóthas idirlinne i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE agus beidh an t-údarú is gá aige de réir an dlí náisiúnta is infheidhme chun na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí a fhaigheann sí a chur i gcrích de bhua aistrithe a dhéantar de bhun Airteagal 42 den Treoir seo;
|
|
(f)
|
comhlíonfaidh an gnóthas idirlinne ceanglais Threoir 2009/138/CE agus beidh sé faoi réir maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE;
|
|
(g)
|
oibreofar an gnóthas idirlinne i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais agus féadfaidh an t-údarás réitigh srianta ar a cuid oibríochtaí a shonrú dá réir.
|
D’ainneoin na bhforálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), agus i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfar gnóthas idirlinne a bhunú agus a údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghairid ag tús a oibrithe. Chuige sin, cuirfidh an t-údarás réitigh iarratas ina leith sin faoi bhráid an údaráis maoirseachta. I gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta an t-údarú sin a bhronnadh, léireoidh sé an tréimhse dá ndéanfar an gnóthas idirlinne a tharscaoileadh ó cheanglais Threoir 2009/138/CE a chomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 24 mhí.