+Airteagal 33 Oibriú an ghnóthais idirlinne
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
|
Airteagal 33 Oibriú an ghnóthais idirlinne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar na ceanglais seo a leanas agus gnóthas idirlinne á oibriú:
|
(a)
|
beidh doiciméid bhunreachtúla an ghnóthais idirlinne formheasta ag an údarás réitigh;
|
|
(b)
|
faoi réir struchtúr úinéireachta an ghnóthais idirlinne, déanfaidh an t-údarás réitigh comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais idirlinne a cheapadh nó a fhormheas;
|
|
(c)
|
déanfaidh an t-údarás réitigh luach saothair bhaill an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta a fhormheas agus cinnfidh sé a gcuid freagrachtaí;
|
|
(d)
|
déanfaidh an t-údarás réitigh straitéis agus próifíl riosca an ghnóthais idirlinne a fhormheas;
|
|
(e)
|
tabharfar údarú don ghnóthas idirlinne i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE agus beidh an t-údarú is gá aige de réir an dlí náisiúnta is infheidhme chun na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí a fhaigheann sí a chur i gcrích de bhua aistrithe a dhéantar de bhun Airteagal 42 den Treoir seo;
|
|
(f)
|
comhlíonfaidh an gnóthas idirlinne ceanglais Threoir 2009/138/CE agus beidh sé faoi réir maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE;
|
|
(g)
|
oibreofar an gnóthas idirlinne i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais agus féadfaidh an t-údarás réitigh srianta ar a cuid oibríochtaí a shonrú dá réir.
|
D’ainneoin na bhforálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), agus i gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfar gnóthas idirlinne a bhunú agus a údarú gan Treoir 2009/138/CE a chomhlíonadh ar feadh tréimhse ghairid ag tús a oibrithe. Chuige sin, cuirfidh an t-údarás réitigh iarratas ina leith sin faoi bhráid an údaráis maoirseachta. I gcás ina gcinneann an t-údarás maoirseachta an t-údarú sin a bhronnadh, léireoidh sé an tréimhse dá ndéanfar an gnóthas idirlinne a tharscaoileadh ó cheanglais Threoir 2009/138/CE a chomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 24 mhí.
|
|
Airteagal 33 2
|
2. Faoi réir aon srian arna fhorchur le rialacha iomaíochta an Aontais nó le rialacha iomaíochta náisiúnta, déanfaidh bainistíocht an ghnóthais idirlinne an gnóthas idirlinne a fheidhmiú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus chun an gnóthas faoi réiteach nó na sócmhainní, cearta nó dliteanais aistrithe a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó de chuid na hearnála príobháidí a luaithe a bheidh dálaí an mhargaidh iomchuí.
|
|
Airteagal 33 3
|
3. Cinnfidh na húdaráis réitigh nach gnóthas idirlinne a thuilleadh eintiteas in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce a tharlaíonn:
|
(a)
|
cumascfaidh an gnóthas idirlinne le heintiteas eile;
|
|
(b)
|
scoirfidh an gnóthas idirlinne de cheanglais Airteagal 32(2) a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
díolfar sócmhainní, cearta nó dliteanais uile an ghnóthais idirlinne, nó nach mór iad uile, le ceannaitheoir tríú páirtí;
|
|
(d)
|
déanfar sócmhainní an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a chuid dliteanas a urscaoileadh go hiomlán.
|
|
|
Airteagal 33 4
|
4. Faoi réir Airteagal 26(2) agus (5), bainfidh scairshealbhóirí an ghnóthais idirlinne tairbhe as aon fháltas arna ghiniúint de thoradh ar oibriú an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L0001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|